Tá ógánach seacht mbliana déag á cheistiú i gcónaí ag póilíní Shasana faoi ionsaí scine inar maraíodh triúr páistí agus inar gortaíodh deichniúr eile i mbaile Southport in aice le Learpholl inné.
As an deichniúr a gortaíodh, tá cúigear páistí agus beirt daoine fásta an-dona tinn.
Bhí na páistí ag glacadh páirt i rang damhsa nuair a hionsaíodh iad go gairid roimh an meán lae inné.
Bhásaigh beirt acu inné – Bebe King agus Elsie Dot Stancombe, a bhí sé bliana agus seacht mbliana – agus bhásaigh Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana, ar maidin inniu.
Tuigtear gur gortaíodh na daoine fásta agus iad ag iarraidh na leanaí a chosaint.
Mar leis an ógánach atá á cheistiú, tuairisicítear gur in Caerdydd sa Bhreatain Bheag a rugadh é agus go raibh sé ina chónaí i sráidbhaile Banks ó thuaidh de Southport.
Deir na póilíní cé nach ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann nach bhfuil sé soiléir fós cad ba chionsiocair leis.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer go raibh an tír ar fad suaite go mór ag ar tharla.
Rinne an Taoiseach Simon Harris comhbhrón le Keir Starmer agus le muintir na Breataine faoin uafás.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ