skip to main content

Tús le réamhéisteacht faoi bhuamáil na hÓmaí

Cathaoirleach an fhiosrúcháin, an Tiarna Andrew Turnbull
Cathaoirleach an fhiosrúcháin, an Tiarna Andrew Turnbull

Cuireadh tús inniu le réamhéisteacht sa chuid phoiblí den fhiosrúchán atá bunaithe faoi bhuamáil na hÓmaí.

Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, nuair a phléasc buama a bhí fágtha i ngluaisteán i lár bhaile na hÓmaí i gCo Thír Eoghain ar an 15 Lúnasa 1998.

An Fíor-IRA, mar a tugadh orthu, a bhí freagrach as an sléacht.

Bunaíodh an fiosrúchán lena fháil amach an bhféadfaí an t-ionsaí a chosc ó bhí a fhios roimhe go raibh a leithéid á bheartú ag an ngrúpa úd.

Ina ráiteas oscailte, dúirt cathaoirleach an fhiosrúcháin Andrew Turnbull go raibh sé meáite ar an gcuspóir sin a bhaint amach.

Féachfaidh sé chuige gur fiosrúchán neamhspleách a bheas ann agus ní ligfidh sé d'aon dream cur isteach ar an neamhspleáchas sin, a dúirt sé.

Thug sé le fios, áfach, go mb'fhéidir go gcaithfí an pobal a choinneáil amach as seisiúin áirithe mar gheall ar "an tslándáil náisiúnta".

Os a choinne sin, gheall an cathaoirleach go dtabharfaí achoimre don phobal ar a ndéarfaí sna seisiúin sin.

Is in Ionad Ealaíon na Sruthla san Ómaigh atá an reamhéisteacht ar siúl.

Léadh ainmneacha na marbh os ard ag an éisteacht inniu agus bhí nóiméad ciúnais ann ina n-onóir.

Bhí fiosrúchán poiblí faoin uafás á éileamh ag cuid de ghaolta na marbh le blianta fada.

Duine acu, Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aiden, duirt sé inniu gur údar mór sásaimh a bhí ann dóibh gur bunaíodh an fiosrúchán ar deireadh.

Dar leis nach bhféadfaí na ceisteanna ar fad a bhí acu a fhreagairt dá uireasa.

Ghabh Michael Gallagher buíochas le Rialtas na hÉireann as comhoibriú leis an bhfiosrúchán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ