skip to main content

Saorthaisteal anois ag 30,000 duine gan cead tiomáint ar chomhairle liachta

Beidh 30,000 sa mbreis i dteideal taisteal in aisce ar an gcóras iompar poiblí.
Beidh 30,000 sa mbreis i dteideal taisteal in aisce ar an gcóras iompar poiblí.

Tá daoine nach bhfuil i riocht tiomáint go ceann bliana nó tuilleadh agus a bhfuil teastas dochtúra acu chuige sin anois i dteideal pas faoi leasú atá déanta ar Scéim na bPasanna Saorthaistil.

Meastar go bhfuil 30,000 ina theideal, seanóirí a bhformhór.

Deir Cumann Titimeas na hÉireann go mbeidh thart ar 5,000 duine a bhfuil an míchumas sin orthu in ann tairbhe a bhaint as leathnú na Scéime.

"Tá clabhsúr curtha anois ar fheachtas atá ar siúl le fada an lá againn" a deir Paddy McGeoghegan, Bainisteoir Abhcóideachta an Chumainn.

Mhol an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys cur chuige an Chumann Titimeas agus dúirt sí go gcuideodh an polasaí nua leis na daoine sin "agus le duine ar bith atá neamhábalta de réir míochaine".

Ag preasócáid tráthnóna dúirt duine amháin atá tar éis pas saorthaistil a fháil faoin scéim nua "gur deacair ag daoine eile a shamhlú a bheith fágtha gan cead a bheith agat tiomáint mar gheall ar chomhairle leighis".

Síomha Connolly agus an tAire Humphreys ar ball beag i Stáisiún Heuston

Dúirt Síomha Connolly go bhfuil "tionchar aige ar gach gné den saol. Bíonn tú ag brath go mór ar an gcóras iompar poiblí agus bíonn tú i dtuilleamaí cairde agus gaolta."

"Tá mé chomh sásta go dtuigtear anois chomh crua is atá sé sin agus go bhfuil an Scéim a bhí ann leathnaithe acu".

Go dtí seo bhí pas saorthaistil ann do gach duine 66 bliain d'aois agus os a chionn agus ag líon ar leith daoine atá i dteideal íocaíochtaí Stáit ar nós cúramóirí, breis is milliún duine sa n-iomlán.