skip to main content

Méadú ar chásanna E. coli in uisce óil a thagann ó ghrúpscéimeanna príobháideacha agus ó sholáthairtí beaga príobháideacha

Tugtar le fios i dtuairisc de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gur theip ar sholáthar uisce amháin as gach 20 soláthar na caighdeáin chuí E. coli a bhaint amach sa bhliain 2023.
Tugtar le fios i dtuairisc de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gur theip ar sholáthar uisce amháin as gach 20 soláthar na caighdeáin chuí E. coli a bhaint amach sa bhliain 2023.

Tugtar le fios i dtuairisc de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gur theip ar sholáthar uisce amháin as gach 20 soláthar na caighdeáin chuí E. Coli a bhaint amach sa bhliain 2023. Uisce ó ghrúpscéimeanna príobháideacha agus ó sholáthairtí beaga príobháideacha a cuireadh san áireamh sa tuairisc.

Theip ar 21 scéim uisce phríobháideach ar an iomlán i dtástálacha a rinneadh orthu féachaint leis na leibhéil E. Coli iontu a mheas. Tuairiscítear go raibh tionchar aige sin ar thart ar 4,600 duine, méadú suntasach ón mbliain roimhe sin.

Theip ar 21 scéim uisce phríobháideach ar an iomlán i dtástálacha a rinneadh orthu féachaint leis na leibhéil E. Coli iontu a mheas.

Cuireadh isteach ar 22,000 duine i gcásanna eile inar theip ar scéimeanna áirithe caighdeáin tríhalaimeatán (THM) a bhaint amach go sásúil.

Dúirt an Bainisteoir Cláir in Oifig Forfheidhmithe Timpeallachta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, Noel Byrne, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéantar an fhoinse a chosaint i gcás uisce óil.

Thug sé le fios ar chlár Morning Ireland inniu, go bhfuil an baol ann go dtiocfadh E. coli ar an uisce má dhéantar an t-uisce san fhoinse a thruailliú ar shlí ar bith, dá silfeadh aoileach ainmhí isteach san uisce ó dhabhach shéarachais, mar shampla.

Dúirt an tUasal Byrne go n-éiríonn daoine an-bhreoite mar gheall ar E. coli. D'fhéadfadh samhnas, fiabhras nó buinneach teacht ort, agus más rud é go bhfuil lagú tagtha ar do chóras imdhíonachta, d’fhéadfadh tinneas ní ba thromchúisí a bheith i gceist.

Tugadh le fios i dtuairisc de chuid an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2023 nach raibh bearta sásúla curtha i bhfeidhm ag Éirinn chun caighdeáin THM a chomhlíonadh i soláthairtí uisce poiblí agus i ngrúpscéimeanna uisce.

Dúirt Noel Byrne go bhfuarthas amach go raibh naoi gcinn de ghrúpscéimeanna uisce ann nach raibh na caighdeáin comhlíonta acu, agus go raibh cúig cinn neamhchomhlíontacha fós ann anuraidh. Léiríonn sé seo, a deir sé, nach rabhthas tar éis dul i ngleic i gceart leis seo.

In ainneoin gurb iad an soláthraithe atá freagrach as an bhfadhb a réiteach, a deir Byrne, is gá don údarás áitiúil a bheith ag feidhmiú mar rialaitheoir.

Deir Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, Tom Ryan, gur cheart go mbeadh ardchaighdeán ag baint le huisce óil na hÉireann, is cuma más ó sholáthar poiblí nó ó sholáthar príobháideach a thagann sé.

Ní mór do sholáthraithe agus d’údaráis áitiúla 'gníomhú ar bhonn práinne’, a deir Ryan, le dul i ngleic leis na lochtanna.