Tá "ionsaí ollmhór" déanta sa bhFráinc ar an ngréasan iarnróid, TGV agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr. Beidh searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar siúl i bPáras anocht. Dúirt Aire Iompair na Fraince, Patrice Vergriete, inniu gur gníomh coiriúil náireach a bhí ann.
Thug sé le fios go mbeadh "impleachtaí móra" ann agus nach mbeidh ach leath na dtraenacha TGV ag dul ó thuaidh, soir agus siar ó thuaidh ag feidhmiú dá bharr.
Is seirbhísí ardluais iad na traenacha ar an ngréasán TGV. Is é an comhlacht stáit SNCF a reachtálann an gréasán.
Deir SNCF gur chuir coirloisceoirí cuid de na hiarnróid idir Páras agus cathracha i dtuaisceart, in iarthar agus in oirthear na Fraince trí thine. Tá curtha isteach ar sheirbhísí go Lille, go Bordeaux agus go Strasbourg, mar shampla.
Ní dhearnadh aon díobhóil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis.
Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús. Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad.
Tá go leor slándála i bhfeidhm sa bhFrainc agus na Cluichí Oileampacha ag teannadh linn i bPáras. Tá cuimhne mhaith ag muintir na Fraince ar na hionsaithe i bPáras agus in Nice le deich mbliana anuas. Tá imní ann anois i measc lucht eagraithe na gCluichí Oileampeacha agus i measc na n-údaráis go ngéaróidh ar an bhfaitíos i measc an phobail i bhfianaise na díobhála seo ar an ngréasán iarnróid.