skip to main content

Fianna Fáil ag lorg comharba do Éamon Ó Cuív i ndiaidh 32 bliain

Tá Éamon Ó Cuív ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ón bhliain 1992.
Tá Éamon Ó Cuív ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ón bhliain 1992.

Tá sé ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív nach mbeidh an ceathrú glúin de shliocht a sheanathair, bunaitheoir an pháirtí, Eamon de Valera ag dul san iomaíocht ar son an pháirtí nuair a éireoidh seisean as.

D'fhógair an t-Iar Aire Gaeltachta aréir nach bhfuil rún aige a bheith san iomaíocht do shuíochán Dála ag an chéad olltoghchán eile agus dúirt sé le Nuacht inniu nach bhfuil suim ag duine ar bith dá cheathrar clainne traidisiún na polaitíochta Dála sa teaghlach a choinneáil beo.

Ba é seanathair an Teachta Uí Chuív, an t-iar-Thaoiseach agus an t-iar-Uachtarán, Éamon de Valera a bhunaigh Fianna Fáil. Bhí a uncail Vivion de Valera ina Theachta Dála idir 1945 agus 1981 agus a cholceathar Síle de Valera ina Teachta idir 1977 agus 2007. Tá Éamon Ó Cuív ina theachta ón bhliain 1992 agus chaith sé trí bliana roimhe sin ina Sheanadóir.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go bhfuil a chlann mhac agus a iníon scaipthe sna ceithre hairde agus "cé go bhfuil an-spéis acu sa bpolaitíocht agus an-chomhairle agus tacaíocht le fáil uathu i gcónaí agus iad sásta a bheith ag canbhasáil ar mo shon," go bhfuil a ngairmeacha féin acu agus nach bhfuil duine ar bith acu ina gcónaí i nGaillimh Thiar.

Ba cheart go mbeadh Gaeilge ag an iarrthóir a chuirfidh Fianna Fáil chun cinn i nGaillimh Thiar, a deir Éamon Ó Cuív

Gaeilge ag an chéad iarrthóir eile a roghnóidh Fianna Fáil?

Dúirt an t-iar-Aire Gaeltachta le Nuacht gur cheart go mbeadh Gaeilge ag an iarrthóir a chuirfidh Fianna Fáil chun cinn i nGaillimh Thiar.

"Ba é sin an traidisiún a bhíodh ag Fianna Fáil – bhí mé féin, Máire Geoghegan Quinn agus Frank Fahey ann agus Gaeilge againn uilig. Nuair a bhí Bobby Molloy i bhFianna Fáil, bhí Gaeilge mhaith aige. Tá sé riachtanach dar liom freastal ar an bpobal ina rogha de theanga agus mar sin bheinnse go láidir den tuairim gur cheart go mbeadh Gaeilge líofa ag ar a laghad iarrthóir amháin mura mbeadh sí ag na hiarrthóirí ar fad."

Dúirt an Teachta Ó Cuív nach mbeidh sé fágáil na polaitíochta go h-iomlán. "Tá obair ar bun agam anois ar féidir liom leanacht leis, ar nós obair ar shon na síochána atá ar bun go ciúin ar bhealach cúlráideach agam, agus leanfaidh mé den obair sin."

"Tiocfaidh daoine an-mhaithe chun cinn in m’áit. Is é an dearmad is mó is féidir a dhéanamh sa saol ná a cheapadh nach féidir déanamh de d’uireasa. Is féidir déanamh d’uireasa chuile dhuine agus tarlóidh sin luath nó mall."

Comharba Uí Chuív i ndiaidh 32 bliain i nDáil Éireann

Dúirt Éamon Ó Cuív go bhfuil dóthain ama ann chun iarrthóir nua a roghnú agus go bhfuil sé "an-dearfach go dtoghfar ar a laghad duine amháin" do Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar. "Déanfaidh mise mo dhícheall 100% a chinntiú go dtarlóidh sin agus beidh mé a siúl na mbóithre mar a rinne mé ariamh ar son na ndaoine nua a bheidh san iomaíocht. Ach caithfidh fonn a bheith ar an duine sin a bheith ina iarrthóir. Níl aon mhaith a bheith ag cur brú ar dhaoine mura bhfuil an fonn, an faobhar agus an cur chuige acu."

Dúirt an clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta Cóilín Ó Neachtain go dtuigeann Fianna Fáil i nGaillimh Thiar go mbeidh sé deacair bróga Uí Chuív a líonadh ach go dtiocfaidh iarrthóirí chun cinn anois go bhfuil bearna ann.

"Bíonn sé deacair comharba a aimsiú ar dhuine nuair a bhíonn sé ina ionadaí chomh láidir sin agus ag éirí go maith leis mar theachta. Caithfidh páirtí caitheamh go maith lena n-ionadaí – Éamon Ó Cuív sa chás seo – agus bíonn sé an-deacair ag páirtí dul i ngleic leis an cheist fhad is atá an té sin in oifig."

Luaigh sé an Comhairleoir Cathrach John Connolly agus an Comhairleoir Contae Albert Dolan atá ina chónaí in aice le Baile Átha an Rí, mar bheirt a mbeadh suim acu a bheith san iomaíocht.

Dúirt sé nach gcuirfeadh sé ionadh air dá dtiocfadh daoine eile chun cinn nach bhfuil sa saol polaitiúil faoi láthair.

"B’fhéidir go bhfeicfeá bean ag dul chun tosaigh le bheith san iomaíocht freisin, agus go bhfuil seans láidir ann go socróidh an ceanncheathrú beirt iarrthóirí a chur sa rása."

Dúirt an t-iar-fheisire le Fianna Fáil i bParlaimint na hEorpa, Seán Ó Neachtain gur mhaith leisean go mbeadh beirt san iomaíocht – duine ar thaobh Chonamara den Dáilcheantar agus duine sa chathair.

Tá sé i gceist ag Noel Thomas a d'fhág Fianna Fáil níos luaithe i mbliana, a bheith ina iomaitheoir san olltoghchán

Dúshláin ag Fianna Fáil

Is cinnte go mbeidh ar Fhianna Fáil a machnamh a dhéanamh go cúramach sula ngairmeoidh siad a gcoinbhinsiún i nGaillimh Thiar.

Tá athruithe tarlaithe sa pháirtí sa Dáilcheantar seo le roinnt míonna ó d’fhág na comhairleoirí contae Séamus Walsh agus Noel Thomas an páirtí mar gheall ar na tuairimí a nocht siad faoi úsáid an óstáin Ross Lake House i Ros Cathail mar lóistín do iarrthóirí tearmainn i mí na Nollag anuraidh.

Toghadh an bheirt chomhairleoir i dtoghcháin áitiúla an Mheithimh ar thicéad an pháirtí Independent Ireland/Éire Neamhspleách agus d'fhógair Noel Thomas ó shin go mbeidh sé san iomaíocht san olltoghchán.

Glactar leis go forleathan go raibh baint nach beag ag an easaontas idir an bheirt chomhairleoir agus ceanncheathrú Fhianna Fáil le vóta traidisiúnta an pháirtí a scoilt i gConamara Theas.

Is cinnte gur chuir fógra Éamoin Uí Chuív aréir ola ar chroí Noel Thomas. Más mian le Fianna Fáil a chinntiú nach gcaillfidh siad an taon suíochán Dála atá fágtha acu sa Dáilcheantar seo beidh othu bealadh a chur faoi na hioscaidí le cuidiú le cibé duine a roghnóidh siad ag an choinbhinsiún ó seo go ceann cúpla mí.