Tar éis 32 bliain, agus 7 gcinn d'olltoghcáin as a chéile inar toghadh é, tá Éamon Ó Cuív TD ag seasamh siar agus ní bheidh sé sa n-iomaíocht an chéad gheábh eile.
74 anois atá fear Átha Cliath a bhfuil dhá scór bliain caite aige i gConamara ó tháinig sé ar dtús le cur faoi ar an gCloch Bhreac i nDúiche Sheoigeach agus le theacht i gceannas ar an gcomharchumann i gCorr na Móna.
Theip ar gharmhac Éamon de Valera – Taoiseach, Uachtarán agus bunaitheoir Fhianna Fáil – an chéad chúpla iarraidh ach ó toghadh ar dtús chun na Dála é i 1992 tá sé ina Rí ó thaobh cruinniú vótaí dhe i dTuaisceart Chonamara agus ar fud thoghcheantar Ghaillimh Thiar.
Go deimhin chaith sé seal faoi dhó ina Aire Gaeltachta (2002-2010) agus ina Aire Coimirce Sóisialaí (2010-2011) agus ina Aire Cosanta agus Comhshaoil ar feadh ráithe tús 2011.
Bhí sé ina Aire Stáit ó 1997 go 2022.
Bhí sé ina Sheanadóir ó 1989 go 1992 agus ina Chomairleoir Condae ó 1991 go 1997.
Bhí sé ina Leascheannaire freisin ar Fhianna Fáil ó 2011 go 2012.
I ráiteas deir sé "tar éis dian-mhachnaimh tá cinneadh déanta agam gan ainmniúchán a lorg le seasamh sa gcéad olltoghcán eile. Idir an dá linn leanfaidh mé le mo chuid oibre mar is gnáth liom. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur i n-iúl do chách a chuidíonn liom imo chuid saothair."
Le linn a thréimhsí sa Rialtas dhírigh sé ar chúnamh a thabhairt do phobal na tuaithe, do mhuintir na n-oileán, do lucht na hiascaireachta agus feirmeoirí beaga agus do mhuintir Thuaisceart Éireann ar an dá thaobh den deighilt pholaitiúil.
Bhíodh sé, agus bíonn fós, go rialta ó Thuaidh ar cuairt ar chimí agus ag casadh le ionadaithe pobail agus lucht deonach ag iarraidh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chothú.
Cé go raibh aighneas eatarthu ó h-am go chéile, agus cé go raibh siad sa n-iomaíocht le chéile do cheannasaíocht an pháirtí tar éis do Bhrian Cowen seasamh siar i 2011, mhol an Tánaiste go h-ard tráthnóna é.
"Duine de na polaiteoiri is coinsiasaí agus is díograisí a d’oibrigh mé riamh leis" a dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, "agus ionadaí poiblí den scoth do mhuintir na Gaillimhe agus do mhuintir Chorr na Móna.
Chuir sé a chroí agus a anam sna hiarrachtaí le síocháin agus comhréiteach a bhaint amach ar oileán na hÉireann agus bhí ról tábhachtach aige i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Bhí sé nuálach agus ceannródaíoch ina Aire Gaeltachta agus Gnóthaí Tuaithe, leis an tacaíocht a thug sé don teanga agus tré Acht na Teangan a thabhairt ar an saol.
Cailliúint mhór a bheidh ann san saol poiblí agus guím gach rath agus beannacht air féin, ar a bhean chéile Áine agus ar a gclann."