skip to main content

Ceiliúradh lúthchleasaithe agus coinní taidhleoireachta ar bun ag an Taoiseach sa bhFrainc

An Taoiseach i gcuideachta iomaitheoirí, a muintir agus a meitheal taca i bPáras ar ball beag.
An Taoiseach i gcuideachta iomaitheoirí, a muintir agus a meitheal taca i bPáras ar ball beag.

Tá Baile na gCluichí Oilimpeacha bainte amach ag an Taoiseach agus é tar éis casadh le riar de lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann.

"Tá bród as cuimse ar an tír uilig as éachtaí gach duine agaibh" a dúirt Simon Harris agus é ag labhairt le cuid den 133 a bheidh sa n-iomaíocht as seo go ceann coicíse.

Mhol sé go tréan iad agus ghuí sé gach rath orthu féin agus ar a muintir le linn na gCluichí.

Beidh an Taoiseach i mbun coinní éagsúla oifigiúla thall, 2 chruinniú mullaigh ag ceannairí Rialtais ina measc, agus beidh sé i láthair ag Searmanas Oscailte na gCluichí.

Páras faoi réir

Tá súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt.

Sult agus spraoi san Stade de France ag an gcluiche rugbaí seachtar-an-taobh ina bhfuair Éirinn an lámh i n-uachtar ar an Afraic Theas ag na Cluichí Oilimpeacha inné.

Ghlac an Taoiseach "buíochas le muintir na lúthchleasaithe agus leo siúd ar fad san meitheal taca atá tar éis cuidiú leo buaic a gceird a aimsiú."

Tráthnóna tá cuireadh faighte aige ó Uachtarán Macron na Fraince agus ó Uachtarán an Choiste Idirnáisiúnta Oilimpeach Thomas Bach chuig cruinniú mullaigh san Carrousel du Louvre.

Amárach beidh Simon Harris agus a bhean chéile Caoimhe ag cruinniú eile mullaigh de chinnirí domhanda i bPálás Élysée.

San oíche amárach a bheidh an Searmanas Oscailte ar Abhainn an Seine agus na céadta milliún ar fud na cruinne ag faire.

Cé go bhfuil na Cluichí á reachtáil le beagnach 130 bliain is é an chéad uair riamh é a deir Ambasadóir na Fraince chun na hÉireann Vincent Guérend nach istigh i staid a bheidh an searmanas oscailte.

Thagair an tUas Guérend freisin don 4 bliana "a raibh saibhreas agus sásamh ag baint leo" atá caite aige i nÉirinn, anois agus a théarma beagnach caite.

An gaol níos gaire fós atá anois idir an dá thír "an oidhreacht is mó a thabharfaidh mé abhaile liom" a dúirt an tAmbasadóir.

"Is í Éirinn anois an chomharsa is gaire dúinn san AE, rud nár iarr muid, ach rud a fhágann go bhfuil an gaol gar a bhí againn níos tréine fós fiú."

Dúirt sé chomh maith go raibh an Taoiseach agus Airí Rialtais tar éis a chur ina luí air nach an caidreamh idir Éirinn agus an Fhrainc chomh láidir riamh.