skip to main content

Tabharfar tuarascáil faoi mhí-úsáid gnéis do na marthanóirí ar dtús seachas na meáin - an tAire Foley

D'eascair an Fiosrúchán Scóipe as an chlár faisnéise raidió 'Blackrock Boys' ar RTÉ
D'eascair an Fiosrúchán Scóipe as an chlár faisnéise raidió 'Blackrock Boys' ar RTÉ

Tá sé geallta ag an Aire Oideachais Norma Foley go gcuirfidh sí an Tuarascáil Scóipe ar Mhí-úsáid Gnéis i Scoileanna faoi Stiúir Oird Eaglasta, ar fáil ar tús dóibh siúd a bhí páirteach san fhiosrúchán, seachas do na meáin.

I litir a chuir an tAire Foley inniu chuig daoine a thug fianaise don Fhiosrúchán faoin mhí-úsáid a rinneadh orthu, agus atá feicthe ag Nuacht RTÉ, dúirt sí go gcinnteoidh sí go bhfaighfidh siadsan an Tuarascáil sula gcuirfear ar fáil do na meáin í.

Dúirt Norma Foley go bhfoilseofar an Tuarascáil san fhómhar nuair a bheidh comhairle faighte ón Ard-Aighne.

D'eascair an Fiosrúchán Scóipe a fógraíodh i Márta 2023 as an chlár faisnéise raidió 'Blackrock Boys' a rinne RTÉ leis na deartháireacha David agus Mark Ryan, a ndearna sagairt ó Ord an Spioraid Naoimh mí-úsáid ghnéis orthu i gColáiste na Carraige Duibhe agus roimhe sin i mbunscoil Pháirc na Sailí san am a caitheadh.

Dúirt an tAire Norma Foley inniu go bhfoilseofar Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe san fhómhar

Dúirt an tAire Foley sa litir go dtugann an tuarascáil léargas ar an méid a d'fhulaing na daoine agus dúirt sí gur "deacair focail a chur ar chomh gráiniúil agus uafásach is a bhí na cuntais sin."

"Cé go gcuirfidh an pobal agus na meáin suim mhór sa tuarascáil, tá sé i gceist agam an tuarascáil iomlán a chur ar fáil ar dtús dóibh siúd a bhí páirteach sa bhfiosrúchán scóipe, sula bhfoilseofar í go forleathan," a dúirt an tAire Foley.

"Is dócha go ndéanfar trácht sna meáin ar chuid de phríomh ghnéithe na tuarascála, ach tá sé i gceist agam go dtabharfar an tuarascáil féin duitse sula gcuirfear a bhfuil ann os ard. Beidh foireann an fhiosraithe scóipe i dteagmháil leat maidir leis seo."

Cuireadh an Tuarascáil faoi bhráid an Aire i dtús an Mheithimh.