skip to main content

Daoine á mbáthadh ó cheann ceann na bliana ar muir agus ar bhealaí uisce, os cionn a leath tré thimpiste

I Maigh Eo agus i gCorcaigh ba mheasa a bhí tubaistí uisce anuraidh.
I Maigh Eo agus i gCorcaigh ba mheasa a bhí tubaistí uisce anuraidh.

Tá deichniúr ar an meán á mbáthadh sa tír gach mí de réir thaighde nua atá foilsithe ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann.

Tá daoine á mbáthadh ag gach tráth den bhliain ar muir agus ar bhealaí uisce, agus 118 báite ó 2019-2023 a deir an eagraíocht sa tuarascáil úr.

Fir agus buachaillí 70% dóibh agus bhí níos mó ná leath den iomlán meánaosta, idir 40 agus 69 bliain d'aois.

Báthadh 78 anuraidh, 15 níos lú ná 2022.

Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tré thimpiste a báthadh 57% de na daoine idir 2017 agus 2021.

Cois cósta a báthadh 80% de na daoine. Ar abhainn nó loch a bhásaigh an chuid eile.

I gCo Mhaigh Eo is airde a bhí an ráta anuraidh nuair a báthadh 8 as gach 100,000 duine.

I gCo Chorcaí a bhí an líon is airde – 15 a báthadh ansiúd.

"Tá tuiscint níos mó ar an gcontúirt ag daoine" a deir Joanne Walsh, Príomhfheidhmeannach Shábháilteacht Uisce na hÉireann.

"Tá an sciar den líon a báthadh agus iad ag snámh nó ag tumadh ag laghdú" a deir sí "agus an figiúr anois ag 25% den iomlán."

Luaigh Joanne Walsh go mbaineann 60% den líon daoine a báthadh tré thimpiste le "imeachtaí ar tír, ar nós daoine ag siúl aille nó ag siúlóireacht nó ag sealgaireacht."

Beidh siad feasta ag díriú tuilleadh a deir sí ar an gcontúirt a bhaineann le gníomhartha den chineál sin.

D’ímpigh sí ar dhaoine cuimhniú ar an acrainm "SAFE - Stay away from edges."

"D’fhéadfá a bheith amuigh ag siúl sa samhradh nuair atá fás mór déanta agus b’fhéidir nach bhfeicfeá ciumhais na habhann, nó na locha.

Agus sa ngeimhreadh, cé go bhfuil sé lom feannta, níl an chiumhais chomh láidir agus d’fhéadfadh an talamh tabhairt uaidh.

Ní mór a bheith ar aire, agus cuimhnigh i gcónaí ar SAFE - Stay away from edges."