Tuairiscítear sna meáin i Stáit Aontaithe Mheirceá go bhfuil Stiúrthóir na Seirbhíse Rúnda, Kimberly Cheatle, le héirí as a post i ndiaidh do cháineadh géar a bheith déanta ar an áisíneacht. Tá cáineadh déanta orthu mar gheall ar gur theip orthu cosc a chur ar ghunnadóir a rinne iarracht Donald Trump a fheallmharú in Pennsylvania ar 13 Iúil. Níl cinneadh Kimberly Cheatle éirí as deimhnithe ag an tSeirbhís Rúnda í féin go fóill, áfach.
D'éirigh le gunnadóir dul chomh fada le díon in aice leis an ardán ag slógadh polaitiúil agus fanacht ina luí ansin ag feitheamh ar an Uasal Trump. Scaoil sé piléir leis an iarrthóir Poblachtánach don toghchán uachtaránachta le linn dó a bheith i mbun óráide, ach chuaigh siad thairis, ag scríobadh a chluaise.
Tá an tSeirbhís Rúnda freagrach as uachtaráin agus iar-uachtaráin Mheirceá a chosaint.
ag scríobadh a chluaise.
Cháin Poblachtánaigh agus Daonlathaigh araon Kimberly Cheatle nuair a bhí sí os comhair Theach na nIonadaithe inné. Dhiúltaigh sí ceisteanna a fhreagairt inné maidir leis an bplean slándála a bhí i bhfeidhm don slógadh. Dhiúltaigh sí freisin ráiteas a thabhairt ar an gcáineadh a rinneadh ar an tSeirbhís Rúnda as a n-easpa gnímh ar an lá; líomhnaítear gur cuireadh in iúl dóibh go raibh daoine sa slua amhrasach faoi fhear ar dhíon, ach nach ndearna siad aon rud faoi.
Bhí éilimh ag teacht ón dá thaobh de Theach na nIonadaithe inné go n-éireodh Kimberly Cheatle as.
Mar aon leis an ngortú a baineadh do chluas Donald Trump, scaoileadh agus maraíodh fear amháin sa slua freisin.
Mharaigh snípéir de chuid na Seirbhíse Rúnda an gunnadóir féin, Thomas Crooks, a bhí 20 bliain d’aois.