Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid, de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin.
Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa le seachtain anuas.
An bhliain seo caite, sáraíodh na teochtaí ab airde a bhí ar an taifid ó bhí 1940 ann, le linn na tréimhse idir 3 Iúil agus 6 Iúil. Ach anois tá sé deimhnithe ag Copernicus gur sáraíodh na teochtaí sin arís, fiú, ar an Domhnach 21 Iúil.
Gach mí ó bhí Meitheamh 2023 ann - trí mhí dhéag as a chéile - cuireann Copernicus tuarascáil ar fáil go bhfuil gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.
Bhí 2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid ach deir na saineolaithe go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go mbeidh a sárú ann i 2024.