Tá Raymond Shorten, 50 bliain, tiomásaí tacsaí as Corrán Melrose i gCluain Dolcáin curtha chun an phríosúín go ceann 13 bhliana de bharr éigniú a rinne sé ar chailín i 2012 nuair a bhí sí 7 mbliana d'aois.
Ciontaíodh Shorten cheana féin in éigniú a dhéanamh ar bheirt bhan ina thacsaí i 2022, agus gearrfar pionós air faoin éigniú sin níós deireanaí an tseachtain seo.
Bhí Shorten 38 mbliana d'aois nuair a tharla an chéad éigniú, ag ócáid i dteach sheanmháthair an chailín, i ndiaidh shochraid a máthar.
Rinne sé éigniú uirthi arís ag ócáid eile agus rinne ionsaí gnéis uirthi freisin.
Tháinig na heachtraí chun solais nuair a d'fhág an cailín nóta ar leaba a seanmháthar i 2020 ag insint di céard a tharla. Thosaigh fiosrúchán na nGardaí ina dhiaidh sin.
Shéan Shorten na cúisimh agus dúirt le Gardaí gur 'bréaga 110%' a bhí iontu. Thug sé fianaise ag an thriail níos luaithe i mbliana agus dúirt gur cumadóireacht a bhí ann.
Ach fuair an giúiré ciontach é sna cúisimh uile.
Dúirt an cailín, atá 20 bliain d'aois anois nach raibh a fhios aici céard a bhí ar bun nuair a bhí an mhí-úsáid ar siúl, agus nár thuig go ndearna sí ranganna oideachais gnéis ar scoil.
Dúradh sa chúirt nár ghlac Shorten freagracht as na cionta.
Dúirt an Breitheamh Kerida Naidoo gur léirigh fianaise tionchair íospartaigh na mná óige an dochar domhain agus leanúnach a rinneadh uirthi.
Rinne Shorten éigniú ar chailín seacht nó ocht mbliana d'aois ar lá shochraid a máthar, a dúirt sí, agus thaispeáin sin gur duine gan taise ná trua é, agus gur róchuma leis faoin ngortú, eigniú ná faoin tionchar fadtéarmach a leanfadh a ghníomhartha.
Is beag maolú a bhí ann, a dúirt sí, agus ghearr sí 13 bhliana air.
Dúirt an Breitheamh Paul McDermott go bhfanfadh sé le daorbhreith a ghearradh ar Shorten as na ciontaithe faoin éigniú ar an mbeirt bhan, go mbeadh sé in ann staidéar a dhéanamh ar thras-scríobh de chinneadh an Bhreithimh Naidoo i gcás 2012.