Tá sé deimhnithe ag an Guardia Civil sa Spáinn go bhfuil cailín as Éirinn tar éis bháis i Majorca, ceann de na hoileáin Bhailéaracha sa Mheánmuir.
11 bhliain a bhí an cailín agus is amhlaidh a bhásaigh sí tar éis titim de bhalcóin óstáin. Tuigtear gur bhásigh sí ar an toirt.
Tá na póilíní thall ag plé leis mar thimpiste.
Bhí an cailín agus a muintir ag fanacht in Óstán an Club Mac in Alcúdia, i dtuaisceart an oileáin, agus bhí siad le filleadh ar Éirinn inniu.
Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath go bhfuil siad ar an eolas faoin gcás agus go bhfuil siad ag tabhairt aon chúnamh consalachta is féidir.