Deir an tÚdarás um Shábháilteacht Bóithre go bhfuil an cibear-bhristeach ag cur as go mór dá chuid seirbhísí.
Deir ráiteas ón údarás inniu go bhfuil roinn mhaith ionad sa tSeirbhís Náisiúnta Tástála Gluaisteán buailte ag an mbristeach agus dá bhrí sin nach féidir aon tástáil a dhéanamh sna hionaid sin.
Ní raibh ag feidhmniú ach ionaid i mBaile Átha Luain, Grainseach an Déin agus Cnoc an Fhuaráin i mBaile Átha Cliath, Luimneach, agus an tOileán Beag i gCorcaigh,
Níorbh fhéidir ach aon oiread aon phróiseáíl a dhéanamh ar iarratais tiomána agus ar cheadúnais tiomána.
Tá an córas tástála tiomána ag feidhmiú mar is iondúil.
Níor cuireadh isteach ar sheirbhísí Iarnród Éireann nó Bus Átha Cliath, ach bhí deacrachtaí le roinnt feidhmeanna ar an gcárta Leap agus leis an aip TFI Live.