Tá fear 28 mbliana d'aois cúisithe maidir leis an bhfíseán idirlín ina raibh bagairt go lámhachfaí Mary Lou McDonald
Sin é Richard McGreevy as Plás an Teampaill Ghil, Rath Fearnáin i mBaile Átha Cliath, agus diúltaíodh bannaí dó agus cuireadh siar faoin choinneáil é go ceann seachtaine.
Gabhadh Richard McGreevy tar éis físeán bheith seolta ar Tik Tok, Facebook, X agus ar árdáin eile meán sóisialta,físeán ina ndearna fear a chaith púicín Balaclava bagairtí éagsúla, ina measc bagairt go lamhachfadh sé Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald
Tá sé curtha ina leith go ndearna sé bagairt báis nó bagairt mórdíobhála ar Mary Lou McDonald agus é ina chuspóir aige go gcreidfeadh sise go gcuirfí na bagairtí i gcrích.
Liamhnaítear gur ndearnadh an cion trí lá ó shin ina theach cónaithe i Rath Fearnáin, in aghaidh alt 5 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine.
Thug an Bleachtaire Seáirsint Gareth Kane fianaise faoin ngabháil, faoin gcúiseamh agus faoin rabhadh.
Níor fhreagair Richard McGreevy don chúiseamh.
Dúirt Gareth Kane go raibh foiréigean in aghaidh Chomisinéir an Gharda Síochána gríosta ag McGreevy freisin.
Ach dúirt dlíodóir Richard McGreevy leis an gcúirt go raibh gortú inchinne faighte ag baint lena chliant, go raibh a athair caillte agus gur thréig a mháthair é agus é 3 bhliana d'aois.
Aonaránach a thug Richard McGreevy air féin sa chúirt á rá gur chónaigh sé leis féin agus lena dhá mhadra i dteach údaráis áitiúil, agus gur díol imní na madraí dó dá gcuirfí siar faoi choinneáil é.
Rinne sé cosaint air féin sa chúirt freisin, ach fós féin dhiultaigh an Breitheamh Paula Murphy bannaí dó.
Thug sí faoi deara, a dúirt sí, chomh tromchúiseach a bhí an cás, agus chuir siar faoi choinneáil é go Cúirt Dúiche Chnoc na Seimire an tseachtain seo chugainn.