Paisnéirí ar eitiltí iad an earnáil is mó atá buailte ag an mbristeach teicneolaíochta faisnéise de bharr fabht in uasdátú bogearraí frithvíorais CrowdStike.
Idir na haerlínte féin agus aefoirt ar fud an domhain, tá paisinéirí ag dul i ngleic le scuainí agus moill fhada in aerfoirt, chomh maith le heitiltí bheith á gcur ar ceal.
Is é Ryanair an comhlacht aerthaistil is mó san Eoraip de réir líon na bpaisinéirí, agus deir Ryanair go bhfuil fadhbanna i gcónaí lena gcóras áirithnintí.
Tá aerfoirt i Tokyo, Amsterdam, Berlin agus roinnt mhaith d'aerfoirt na Spáinne ar fad curtha in aimhréidh ag an mbristeach.
Chuir aerfort Zurich san Eilbhéis gach eitilt isteach ar ceal dá bharr seachas iad siúd a bhí san aer cheana féin.
Sa mBreatain, tá an seiceáil isteach de láimh ag cur moill an-mhór ar eitiltí agus tá scuainí fada ag cur an-bhrú ar fhoirne ansiúd.
Sna Stáit Aontaithe, níor éirigh roinnt eiltiltí de chuid American Airlines, Delta, United nó Allegiant an talamh. Rinneadh seo tamall gearr tar eis do Microsoft a fhógairt go raibh fadhb aitheanta acu le Windows.
Deir an comhlacht CrowdStrike go bhfuil 'paiste' curtha ag fáil acu in aghaidh an fhabht ba chúis leis an bristeach teicneolaíochta faisnéise domhanda níos luaithe inniu.
Tá an bristeach á leagan ar na bogearraí a chuireann an comhlacht ar fáil le cur in aghaidh víorais ríomhaireachta ar chórais Windows, táirge de chuid Microsoft.
Uasdhátú ar na bogearraí is cosúil is cúis leis na fadhbanna domhanda inniu.
Tá an comhlacht ag obair go dlúth le custaiméirí agus tá buailte ag an locht a aimsíodh in uasdátú aon-ábhair do chórais Windows, a dúirt príomhfheidhmeannach an chomhlachta frithvíorais George Kurtz.
Dúirt Kurtz ar X gur aimsíodh an fhadhb, gur scoitheadh amach í, agus go bhfuil paiste curtha i bhfeidhm anois.
Níos luaithe, dúirt Azure, an rannóg néal-ríomhaireachta i Microsoft, go raibh a fhios acu an chaoi a raibh an uasdátú ar na bogearraí Falcon ó CrowdStrike ag cur as d'innreallra.
Is amhlaidh a sháinnigh Falcon an t-inneallra ag an gcéim tosaigh, agus go raibh na meaisíní ag atosú de shíor agus gan bheith in ann dul céim níos faide chun cinn.