skip to main content

Cíor thuathail domhanda as bristeach teicneolaíochtas faisnéise

Tá gnólachtaí agus earnálacha ar fud na cruinne buailte ag bristeach mór sa teicneolaíocht faisnéise, a chaith córais den idirlíon agus ag cur as do chomhlachtaí taistil, cumarsáide, baincéireachta agus sláinte.

Is cosúil anois gur éirigh an bristeach as fadhb ag Crowdstrike, an comhlacht domhanda cibearshlándála.

I measc na gcomhlachtaí aitheanta a bualadh ar dtús tá Ryanair, American Airlines agus Sky News.

Deir Aer Lingus, na haerfoirt, An Garda Síochána, an HSE, AIB agus Banc na hÉireann, Bus Éireann agus Iarnród Éireann nach bhfuil siadsan buailte ag an mbristeach seo.

An cárta Leap an t-aon rud atá ag léiriú fadhbanna de bharr an bhristigh, tá an cárta féin ag obair ach ag leibhéal níos ísle feidhme.

Ach deir na haerfoirt go bhfuil aerlínte ar leith buailte aige, agus dá bhrí sin go mbeidh deacrachtaí in áiteanna, go háirithe le seiceáil isteach.

Tá Ryanair á rá gur chuir an bristeach 'tríú páirtí' as dá ghréasán agus tá an comhlacht ag moladh do phaisnéirí dul chuig an aerfort ar a laghad trí huaire roimh an am imeachta.

Tá an scéal amhlaidh in aerfoirt ar fud an domhain agus scuainí ag bailiú ag deascanna na n-aerlínte.

Cuireadh as do roinnt córais ó am go chéile i seomra nuachta RTÉ ar maidin, ach chuaigh cláir raidió agus teilifíse go haer.