skip to main content

Trump molta go mór ag ceannasaí Cheardchumann na Teamsters, Sean O'Brien

Donald Trump aréir ag Comhdháil na bPoblachtánach
Donald Trump aréir ag Comhdháil na bPoblachtánach

Tá Donald Trump tar éis a theacht go caithréimeach os comhair Chomhdháil Náisiúnta an Pháirtí Phoblachtánaigh sna Stáit Aontaithe, áit ar chuir na múrtha san halla fáilte lúcháireach roimhe, 2 lá tar éis an iarracht a déanadh é a chaitheamh ag slógadh feachtasaíochta i bPennsylvania.

Bhí bindealán beag ar a chluas dheas áit ar ghortaigh smionagar piléir é, agus sheas an slua agus thug na gártha molta dó san Fiserv Forum i Milwaukee.

Bhí siad ag fógairt "Fight! Fight! Fight" agus a gcuid dorn san aer, ag déanamh aithris ar Trump féin díreach tar éis an ionsaithe tráthnóna Dé Sathairn.

Trump agus Vance, an Seanadóir sóisearach as Ohio

Bhí an t-iar Uachtarán i láthair le cuid dá mhuintir, gan a bhean chéile a bheith leis, i gcuideachta an tSeanadóra JD Vance atá roghnaithe ag Trump le seasamh leis mar iarrthóir don leas-uachtaránacht sa toghchán mí na Samhna.

Tharraing Vance cáil ar dtús lena leabhar "Hillbilly Elegy".

Bhí gliondar le brath freisin ag an ócáid - comhdháil a mhairfidh 4 lá agus a dheimhneoidh gurbh é Trump rogha na Republicans - agus breithiúnas tugtha tamall gearr roimh réidh ó chúirt i Florida ag caitheamh amach an chás a bhí curtha ag an Rialtas Feidearálach ina aghaidh go raibh cáipéisí rúnda Stáit ina sheilbh go mhídhleathúil san óstán atá aige, Mar-a-Lago i Florida, tar éis dó imeacht as oifig.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta i 2016 cháin JD Vance (39) an tUasal Trump go fíochmhar, ach ó shin tá sé i measc a lucht leanúna is dílse agus aontaíonn sé go láidir le seasamh Trump go raibh an toghchán i 2020 a bhuaigh Joe Biden cám.

Labhair Sean O'Brien, uachtarán an International Brotherhood of Teamsters - cumann na dtiománaithe lastais, ceann de na ceardchumainn is tábhachtaí i Meiriceá - ag an gcomhdháil agus cé nár thug sé tacaíocht oifigiúil an Chumainn do Trump, mhol sé go tréan é agus cháin sé 'polaitíocht Washington' a dúirt sé atá ag déanamh dochair do lucht oibre na tíre.

Sean O'Brien

As seo go ceann cúpla seachtain a dhéanfaidh na Teamsters cinneadh faoi thacaíocht oifigiúil a thabhairt do Trump nó Biden, agus buille suntasach a bheadh ann d'fheachtas na Democrats muna seasann siad le Biden, mar a rinne 4 bliana ó shin.

De réir na bpobalbhreitheanna is beag idir Trump (78) agus Biden (81) ach tá fear Nua Eabhrac chun cinn i riar maith de na stáit is mó ina bhfuil sé ina choimhlint ghéar idir an dá thaobh.

Ní raibh Trump sásta a rá fós go nglacfaidh sé leis na torthaí má buailtear arís sa toghchán é.

Aréir freisin thug Taylor Budowich le fios go bhfuil MAGA Inc - an príomh "super PAC" atá ag cruinniú airgid d’fheachtas Trump - tar éis breis is $50 milliún (€45 milliún) a bhailiú.

Seift atá sna "political action committees" ag an dá pháirtí i Meiriceá le airgeadh a charnadh le tabhairt faoi stocaireacht agus faoi fheachtasaíocht.

Tá sé tugtha le fios ag an mbilliúnaí Elon Musk a deir an Wall Street Journal go bhfuil rún aige $45 milliún sa mí a shíneadh ag "super PAC" nua le cuidiú le Trump, cinneadh atá déanta aige deirtear ó tháinig an t-iarrthóir slán ón iarracht ar fheallmharú.