skip to main content

Comhdháil Náisiúnta na bPoblachtánach bainte amach ag Donald Trump

Donlad Trump tar éis turilingt do theacht le chéile na Republicans
Donlad Trump tar éis turilingt do theacht le chéile na Republicans

Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tar éis tuirlingt i gcathair Milwaukee i Wisconsin don Chomhdháil Náisiúnta ag an bPáirtí Poblachtánach, beagán le cois 24 uair a chlog ó déanadh iarracht é a mharú ag slógadh stocaireachta i Pennsylvania.

Donald Trump agus braon fola air á thabhairt anuas den ardán arú inné ag an tSeirbhís Rúnda ag slógadh i Butler, Penn.

Tá sé ráite ó oíche Dé Sathairn ag an iarrthóir do thoghchán na hUachtaránachta mí na Samhna nach gcuirfeadh an "iarracht ar fheallmharú" as don sceideal atá aige ag Comhdháil Náisiúnta a pháirtí.

Maraíodh duine amháin agus gortaíodh beirt sa slua, agus bhain mionghearradh de leathchluas Donald Trump de bharr an ionsaí le meaisínghunna AR-15 a rinne Thomas Matthew Crooks (20), a thug faoin iarracht ar dhúnmharú faoina stuaim féin más fíor don FBI.

Thomas Matthew Crooks anuraidh agus céim iarbhunscoile á bhronnadh air

Chaith oifigigh de chuid na Seirbhíse Rúnda fear an ghunna agus maraíodh ar an toirt é.

Deimhneoidh an chomhdháil gurbh é Trump (78) a bheidh san iomaíocht sa toghchán, in aghaidh an Uachtaráin Biden (81) mar a sheasann cúrsaí faoi láthair.

Cé go bhfuil cuid mhaith i bpáirtí seisean atá ag iarraidh air seasamh siar le deis níos fearr a thabhairt d'iarrthóir eile de chuid na nDaonlathach tá an tUachtarán diongbháilte gurbh é féin a bheidh ann in áit leitheid an Leas-Uachtaráin Kamala Harris.

Ceaptar gur inniu nó amárach ag an gcomhdháil náisiúnta a fhogróidh Trump an leathbhádóir a bheidh aige féin sa rás.

Mairfidh an tionól go Déardaoin.