skip to main content

Eolas le roinnt ag IALPA; vóta Déardaoin; toradh an tseachtain seo chugainn

Beagnach 600 eitilt curtha ar ceal le 20 lá
Beagnach 600 eitilt curtha ar ceal le 20 lá

Tá feidhmeannaigh ó IALPA - ceardchumann na bpíolótaí in Aer Lingus - le eolas a scaipeadh ar a gcuid ball as seo go ceann cúpla lá faoi na moltaí atá déanta ag an gCúirt Oibreachais ón tseachtain seo caite leis an aighneas faoi phá san aerlíne a réiteach.

Tá IALPA ag moladh go nglacfaí leis an tairiscint de 17.75% d'ardú pá do phíolótaí thar thréimhse 4 bliana, i measc moltaí eile.

Tosóidh na píolótaí ag caitheamh vóta Déardaoin agus tá toradh le fógairt seachtain ó amárach.

Tá gníomh tionsclaíoch - chomh maith le 8 n-uair a chloig ar stailc - ar bun ag píolótaí le 3 seachtainí, seal inar cuireadh 573 eitilt de chuid Aer Lingus ar ceal.

Tá 25 eitilt eile a bheidh curtha de dhroim seoil inniu agus amárach ach beidh an gníomh tionsclaíoch á chur ar athló ansin go mbeidh toradh ar an vóta.