
Tháinig an t-iar-uachtarán Donald Trump slán ó iarracht fheallmharaithe air ag slógadh toghchánaíochta dá chuid i mButler, Pennsylvania inné.
Bhí slógadh an iarrthóra faoi lán tseoil tráthnóna inné nuair a chuaigh sé i ngreim ina chluais dheas i lár abairte agus 4 urchar gunna le cloisteáil ag an ionad amuigh faoi aer. B'shin ar ocht nóiméad tar éis a sé.
Chrom Trump go huarlár an ardáin agus chuaigh gníomhairí na Seirbhíse Rúnda ina mhullach. Chualathas urchar eile ann,scanraigh an slua agus thosaigh an bhéicíl agus an chíor thuahtail. Trí soicind déag ina dhiaidh, urchar amháin eile agus scread mór mná le cloisteáil.
I rith an ama seo bhí caint lucht an ardáin le cloisteáil ó na micreafóín a bhí fós beo.
Chroch an gníomhairí an t-iar-uachtarán chun carr a bhí ag fanacht go leataobh, agus bhí an gortú a bhain de chluais Trump chomh maith le fuil smeartha ar a éadan le feiceáil go soiléir. Bhí sé soiléir go raibh sé in aimhréidh ach raibh sé gortaithe go dona. Chroch sé dorn dúshlánach leis an slua sular fhág sé an t-ardán, dhá nóiméad glan ó thosaigh an t-ionsaí.

Níorbh fhada go bhfuarthas amach go raibh duine sa slua maraithe san ionsaí agus duine eile gortaithe. Chaith agus mharaigh baill eile den tSeirbhís Rúnda an gunnadóir a bhí ina luí ar dhíon foirgnimh a bhí taoibh amuigh d'ionad an tslógtha ach a bhí faoi 140m den áit a raibh an tUachtarán ina sheasamh.
Deir finné le NBC News a bhí taobh thiar de Trump gur maraíodh an fear sa slua ar an toirt mar go raibh sé in aon líne idir an t-iar-uachtarán agus an gunnadóir. Tuairiscítear an-drochbhail ar an mbean a gortaíodh.

Scaoileadh Donald Trump saor ón ospidéal agus dheimhnigh an FBI nar bhain ach an mionghortú cluaise sin dó.
An FBI atá i mbun an fhiosrúcháin agus tá an láthair á chaomhnú acu tar éis aslonnú an tslua. Tugadh le fios láithreach gur gunnadóir amháin a bhí ann, go raibh sé leis féin agus gur as an stát Pennsylvania air. Níos deireanaí d'aimnigh an FBI é: Thomas Matthew Crooks, 20 bliain d'aois as Bethel Park sa stát.

Dheimhnigh an FBI gur scaoileadh roinnt urchar leis an ardán ó láthair crochta 'taobh amuigh den slógadh sular mharaigh an tSeirbhís Rúnda é.
Tá sé ráite ag roinnt finnéithe le cainéil nuachta go bhfacthas an gunnadóir roimh an eachtra agus chuir na húdaráis ar an eolas. Dheimhnigh na póilíní áitiúla gur fhreagair siad roinnt tuairiscí faoi 'gníomhaíocht amhrasach' ach níor thug a thuilleadh sonraí.
Deir na meáin gur raidhfil leath-uathoibritheach AR-15 a úsáideadh san ionsaí. Tá an raidhfil seo conspóideach de bharr chomh minic is a úsáidtear é in ionsaithe fealltacha sna Stáit agus chomh héasca is atá sé iad a cheannach.
Thug an tUachtarán Biden, a bhí ar aifreann i Delaware ag am an ionsaithe, ráiteas uaidh go sciobthaí agus chuaigh ar an teilifís le labhairt leis an tír. Bhí sé buíoch, a dúirt sé, gur tháinig Donald Trump, slán ón ionsaí agus bhí súíl aige labhairt le 'Donald', mar a dúirt sé é, níos go luath.

Cháin sé an t-ionsaí á rá go raibh sé 'tinn' agus nach raibh áit i Meiriceá d'aon sórt foréigein pholaitiúíl. Ní raibh sé sásta, an t-am sin, aon tuairimíocht a dhéanamh faoi chúinsí an ionsaí agus dúirt go bhfanfadh sé leis na fíricí.
Chuir Donald Trump ráiteas amach ar a mheán sóisialta féin Truth Social tamall ina dhiaidh sin. Dúirt sé gur chuala sé an piléar ag scinneadh thar a chluais agus go raibh a fhios aige gur urchar a bhí ann. Ghaibh sé buíochas leis na gníomhairí uile a thug slán é, rinne comhbhrón le muintir an fhir a maraíodh agus chuir a bheannacht chuig an mbean a gortaíodh.
D'eisigh triúr iar-uachtarán eile, Barack Obama, Bill Clinton agus George W. Bush ráitis ag gabháil buíochais as Donald Trump bheith tagtha slán agus ag cáineadh an fhoréigin pholaitúil.
Chuir ceannairí domhanda, An Taoiseach Simon Harris ina measc, teachtaireachtaí tacaíochta chuig Donald Trump agus chuig muintir na Stát Aontaithe.