skip to main content

Fear maraithe in eachtra bóthair i gCo. Chiarraí

An Siopa Dove, mar ar tharla an eachtra inné
An Siopa Dove, mar ar tharla an eachtra inné

Bhásaigh fear tar éis eachtra bóthair i gCo. Chiarraí tráthnóna inné.

Bhí an fear sna 70aí agus bhí sé ag tiomáint an veain a bhí san eachtra ag an Siopa Dubh ar an N70, cuid de Mhórchuaird Chiarraí ag an am.

Cuireadh fios ar na Gardaí agus ar na seirbhísí éigeandála ach fógraíodh básaithe é ar an láthair.

Tuigtear gurb as an gceantar é.

Tá finnéithe, go háirithe daoine le físeáin deaise, á lorg ag na Gardaí.

Dhún Gardaí agus Comhairle Chontae Chiarraí an chuid sin den bhóthar le scrúdú dlíeolaíoch a dhéanamh an láthair, agus cuireadh an trácht ar malairt slí sa Choireán agus sa tSnaidhm.

Dúradh le seirbhísí bus turasóireachta fanacht ar scéala ó na húdaráis sula dtabharfaí faoi thurasanna Mórchuairde arís.

Fágann an bás is seo gur 102 ata curtha den saol ag eachtraí ar bhóithre an Stáit i mbliana