skip to main content

Cosc le cur ar mhadraí Bully XL ag tosú mí Dheireadh Fómhair

Tabharfaidh rialacháin nua níos deireanaí i mbliana cosc iomlán isteach ar mhadraí Bully XL.

D'éirigh an beart den imní phoiblí a léiríodh tar éis roinnt ionsaithe ó mhadraí a tuairiscíodh go forleathan.

Ar cheann acu sin bhí ionsaí ó mhadra Bully XL ag a teach cónaithe féin i gCo. Luimnigh ar Nicole Morey, 23, ionsaí a thug a bás.

Ar mhaithe le slábháilteacht an phobail atá na bearta á dtabhairt isteach, a deir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys.

Ina dhá chuid, idir Dheireadh Fómhair agus Feabhra a chuirfear i bhfeidhm é.

Ón 1 Deireadh Fómhair, beidh sé midhleathach madra Bully XL a dhíol, a phórú, a iompórtáil nó a athlonnú.

Ón 1 Feabhra 2025, beidh sé in aghaidh an dlí madra Bully XL bheith i do sheilbh ag duine, mura bhfuil Teastas Díolúine ag an úinéir.

Ní eiseofar teastais díolúine ach d'úinéirí atá in ann a chruthú go bhfuil ceadúnas ag an madra, go bhfuil micrishlis curtha iontu, agus go bhfuil an madra neodraithe.

Is féídir go gcuirfear a thuilleadh conníollacha leis an teastas díolúine amach anseo.

Bainfear an madra d'aon úinéír a bheidh ag sárú na rialacháin seo tar éis an 1 Feabhra 2025.

Tá imní ar an Rialtas gan bheith ar aon dul leis na srianta sa Tuaisceart agus sa Bhreatain, a dúirt an tAire, agus go dtiocfaidh fás ar líon na mardraí den phór seo sa Stát, agus dá bharr sin go mbeadh méadú ar líon na n-ionsaithe.

An tseachtain seo caite féin a tháinig rialacháin ina ndá chuid i bfheidhm sa Tuaisceart, rud a fhágfaidh go mbeidh na srianta ar an dá thaobh den teorainn ionann is mar a chéile ón 1 Deireadh Fómhair amach.

Faoi láthair, ní mór madra de phór srianta bheith coinnithe ar iall ag duine atá os cionn 16 bhliana d'aois, agus tá 10 bpór eile srianta chomh maith leis an Bully XL.