Chuir an tUachtarán Joe Biden cosa i dtaca faoina fheactas uachtaránachta á rá gurb é is fearr is cáilithe don phost, gur bhuail sé Trump uair amháin agus go mbuailfidh sé arís é.
Seo in ainneoin dhá thuaiplis mhór cainte uaidh inné. Ag ócáid mhór NATO inné agus é ag cur Uachtarán Volodamir Zelesnsky i láthair, thug sé an tUachtarán Putin air.
Tamall ina dhiaidh ag preasócáid dá chuid féin, thug sé an Leas-Uachtarán Trump ar a leasuachtarán féin, Kamala Harris.
Bhí súil go mbeadh an dá ócáid seo in ann an dochar na drochdhíospóireachta in aghaidh Trump an mhí seo caite a chur ar neamhní.
Ó shin, tá sé ina fhaibhras cainte agus díospóireachta sna meáin faoina aois, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne.
Tá Biden 81 bhliain d'aois, trí bliana níos sine ná a chéile comhraic Donald Trump.
An t-aon rud a bhronnann an aois ort é an eagna, a dúírt Biden. Ach is beag compord na focail seo dá lucht leanúna agus deontóirí, seanadóirí agus ionadaithe eile poiblí ag teacht amach ag impí air seasamh go leataobh.
Faoi láthair tá 17 nDaonlathach i dTeach na Comhdhála agus Seanadóir amháín as na 51 seanadóirí Daonlathacha tar éis dul ar an taifead go poiblí in aghaidh Biden leanúint ina iarrthóir.
Tá stad cainte ar Joe Biden ó bhí sé in a ghasúr agus tá sé ag déanamh botúin cainte ar feadh a shaoil sa pholaitíocht. Deir sé féin go bhfuil a shláínte go maith agus go ngabhfadh sé faoi aon scrúdú néareolaíocht, dá n-iarrfadh a chuid dochtúirí é.
I rith ócáid NATO agus na presaócáide, rinne sé plé suntasach ar chúrsaí caidrimh idirnísiúnta, ar an gcogadh san Úcráin agus ar an ionsaí ar Gaza, agus ba léir go raibh máistreacht aige ar an ábhar.
Ach uaireanta eile, chuaigh a chuid freagraí in éag sula raibh deireadh abairte bainte amach.
Tá ráfla ann anois go ndéanfar pobalbhreith lena mheas cé mar a d'éireodh le Kamala Harris dá gcuirfí in áit Biden í, ach tá a leithéid cheana ann a léíríonn nárbh fhearr a d'éireodh leí in aghaidh Trump.
Tá George Clooney ar an gcéad aisteoir agus deontóir Daonlathach le teacht amach ag iarraidh ar Beiden seasamh go leataobh. Bhí súil go mbeadh luí ag Hollywood le Biden ach ní tuar maith é seasamh poiblí seo Clooney d'fheachtas an Uachtaráin.
Teastaíonn 270 vóta de chuid an Choláiste Toghcháin sular féidir iarrthóir a fhógairt ina Uachtarán. 306 vóta a fuair Joe Biden in 2020.
Ach is é an tuar is fear faoi láthair do Biden é an t-íosmhéid 270 má choinníonn sé na stáit a bhíonn go hiondúil dílis do na Daonlathaigh, móide trí cinn de na stáit 'luascacha' Pennsylvania, Michigan agus Wisconsin.
Ach ní féídir talamh slán a dhéanamh d'aon cheann de na stáit seo, ná go deimhin roinnt de na stáit dhílseacha.