skip to main content

Diúltú d'achomharc Aaron Brady as dúnmharú an Gda. Adrian Donohoe

Tá a achomharc in aghaidh a chiontaithe i ndúmharú chaipitil Gharda caillte ag Aaron Brady.

Tá téarma príosúin saoil gearrtha ar Brady as an mBleachtaire Garda Adrian Donohoe a dhúnmharú ag Comhar Chreidmheasa an Tiarnais i mBaile na Lorgan, Co. Lú an 25 Eanáir 2013.

Beidh ar Brady, atá 32 bhliain d'aois agus arb as New Road, Crois Mhic Lionnáin,, Co. Ard Mhacha é, 40 bliain ar a laghad a chaitheamh sa phríosún.

Bhí an Bleachtaire Garda Donohoe ag tionlacan veain a bhí ag iompar airgid thirim nuair a chaith buíon de chúigear chun baís é.

Theith siad le €7,000 in airgead tirim.

Mhaigh Brady go raibh a thriail eagórach mar gur aimsir Covid a bhí sé ar bun.

Bhí 46 fhoras ina achomharc, ach dhiúltaigh an Chúirt Achomhoirc ar maidin do gach ceann de na forais sin.