skip to main content

'Bua suntasach' é moltaí na Cúirte Oibreachais - IALPA

Deir uachtarán chumann na bpíolótaí IALPA gur 'bua suntasach' don chumann é moltaí na Cúirte Oibreachais ardú tuarastail 17.5% a thabhairt ar phíolótaí Aer Lingus thar thréimhse 4 bhliana.

Mhol IALPA inné go nglacfadh a chuid ball leis moltaí na Cúirte a d'fhéach leis an aighneas pá idir phíolotaí agus an aerlíne a réiteach.

Tá an oibriú de réir rialach a bhí ar bun ag píolótaí na haerlíne le cur ar fionraí go mbeidh vótáil an chumainn ar na moltaí déanta.

Vótálfaidh baill an chumainn idir an 18 agus 23 Iúil, ach idir an dá linn beidh an cumann ag bualadh leis na baill.

De réir Mark Tighe, uachtarán IALPA, nach ionann 17.5% agus an figiúr a bhí ón gceardchumann mar fhreagra ar an mboilsciú ach go mbeadh tuarastal píolótaí ardaithe de 19.2% i gceann dhá bhliana.

Dúirt sé ar RTÉ ar maidin nach raibh na píolótaí ag aontú le haon athrú ina gcuid coinníollach oibre mar chuid den socrú molta.

Bhí aiféala air, a dúirt sé ar Morning Ireland, gur cuireadh as do phaisnéirí, ach go bhféadfadh an t-aighneas bheith socraithe ag bainisteoiri sular thosaigh an ghniomhaíocht thionsclaíoch.

Tá fáilte curtha ag Aer Lingus roimh moladh IALPA glacadh le socrú na Cúirte Oibreachais agus an cinneadh an gníomhaíocht thionsclaíoch a scor.

D'fhág na 25 eitilt a cuireadh ar ceal inné gur 573 eitilt san iomlán atá curtha ar ceal ó thosaigh an ghníomhaíocht coicís ó shin.

Tá fáílte curtha ag an ITAA, cumann na ngníomhairí taistil, roimh chur ar fhionraí na gníomhaíochta tionsclaí, agus bhí súil, a dúirt sí, go nglacfadh píolótaí leis an socrú.