Tá Heimir Hallgrímsson, atá 57, ceaptha ag Cumann Sacair na hÉireann ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na tíre tar éis 8 mí de phróiseas earcaíochta.
Bhí Hallgrímsson ina chomhbhainisteoir ar a thír dhúchais an Íoslainn tráth a mbua stairiúil ar Shasana ag Craobh na hEorpa 2016.

Bhí sé i gceannas ar fhoireann náisiúnta Iamáice le 2 bhliain anuas, agus cháiligh siad faoina stiúir don Copa America.
Bhíodh sé ag obair ina fhiaclóir roimhe sin.
Bhí achrann agus anró ag an FAI le comharba a aimsiú ar Stephen Kenny a fuair bata agus bóthar mí na Samhna.
Cuireadh John O'Shea i gceannas go heatramhach faoi dhó sa tréimhse sin.
Ceapadh gurbh é Lee Carsley, iar-imreoir idirnáisiúnta le Éirinn atá faoi láthair i gceannas ar fhoireann faoi-21 Shasana, a bhí ón FAI ach dúirt seisean nach raibh an post uaidh.
Bhí Neil Lennon, Chris Coleman, Chris Hughton agus Gus Poyet ar fad luaite freisin leis an ról agus ba mhór i gceist an bainisteoir ar an tSeoirsia, Willy Sagnol, go dtí gur éirigh leo siúd cáilliú do Chraobh na hEorpa atá ar bun faoi láthair sa nGearmáin.
Gan chaint, gan choinne atá Heimir Hallgrímsson ceaptha tráthnóna.
Beidh a chéad chluiche i gceannas na hÉireann aige, in aghaidh Shasana, mí Mheán an Fhómhair i Sraith Náisiún UEFA.