Tá bean chéile agus beirt iníon le tráchtaire spóirt de chuid an BBC maraithe ina dteach cónaithe i Sasana in ionsaí le crosbhogha.
Tráthnóna inné a bhásaigh Carol Hunt a bhí 61 agus a bhí pósta le John Hunt - tráchtaire rásaí capall ar stáisiún raidió BBC 5 Live - chomh maith le beirt clainne leo, duine acu 25 agus an duine eile 28, in ionsaí ar an teach i Bushey i Hertfordshire.
Tá na póilíní sa tóir ar an té a cheaptar ba chúis leis - Kyle Clifford, fear 26 bliain d'aois as Enfield ar an taobh ó thuaidh de Londain.

Deir na póilíní go gcreideann siad go bhfuil sé fós sa gcomharsanacht, é fós armtha agus gur mór an chontúirt é.
Deir na póilíní gur ionsaí in aon turas a bhí ann agus gurbh eol don mharfóir cé mb’iad na daoine a bhí sa teach.
Chuala comharsanaí screadaíl as an teach tráthnóna inné agus cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála thart ar a 7 a chlog.
Bhásaigh an triúr ban ar an láthair.