Tá an Taoiseach Simon Harris tar éis insint don Dáil go bhfuil an cosc a bhí curtha ar Tori Towey, bean as Ros Comáin, Dubai a fhágáil curtha ar ceal.
Tá cúisimh coiriúla curtha i leith na mná sa tír sin ach tá eolas tugtha ag an Taoiseach go bhfuil Ambasáid na hÉireann sa réigiún faoi réir í a thabhairt chuig an aerfort chomh luath agus is mian léi.
Is í Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald a chur cás na mná 28 bliain d'aois os comhair na Dála inné.
Thug sí le fios go raibh Tori Towey sáinnithe i Dubai tar éis ionsaí a bheith déanta uirthi ina háras cónaithe, agus go raibh cúisimh curtha ina leith faoi ólachán agus faoi iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin.
Tá sé tugtha le fios tráthnóna ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhfuil "dúshlán agus deacracht agus tráma" á fhulaingt ag an mbean agus ag a máthair atá in éindí léi i Dubai.
Thagair an tAire don "mheitheal láidir taidhleoireachta atá againn i Dubai" atá ag obair go tréan ar an ábhar.
Dúirt an Taoiseach gur "cás coscrach é scéal Tori Towey" agus go raibh sí tar éis "foréigean millteanach, ionsaí brúidiúil ó fhear, a fhulaingt".
Ní coirpeach í Tori a dúirt an Taoiseach ach duine atá tar éis foréigean bunaithe ar inscne a fhulaingt.
Bhí an bhean "coinnithe ina cime ag an bhfear a bhí ag tabhairt íde di i Dubai" a dúirt Mary Lou McDonald "agus rinne sé iarracht í a thachtadh an 28ú mí an Mheithimh".
Nuair a dhúisigh sí a dúirt ceannaire Shinn Féin bhí sí faoi choinneáil i mbeairic póilíní agus í cúisithe in iarracht ar fhéin-mharú a bheith déanta aici.

"Is fada linn go mbeidh Tori sa mbaile arís againn" a dúirt a haintín Ann Flynn, deirfiúir lena máthair Caroline atá thall ina cuideachta.
"Tá muid i dteagmháil lena chéile cúpla uair gach lá" a dúirt Ann Flynn "agus tá súil le Dia againn go mbeidh siad ar eitleán abhaile go luath".
Tá an bhean agus a máthair ag cur fúthu faoi láthair in Airbnb agus cé go bhfuil "cead" acu an áitreabh a fhágáil, tá pas Tori coinnithe ag na póilíní.