Tá Cumann na bPíolótaí IALPA tar éis freagra a fháil ón gCúirt Oibreachais ar cheisteanna a bhí curtha ag an gceardchumann faoi mholtaí na cúirte le deireadh a chur leis an aighneas faoi phá in Aer Lingus.
Phléigh feidhmeannas IALPA an t-ardú pá 17.75% thar 4 bliana agus na moltaí eile ón gcúirt ag cruinniú aréir.
Tá sé ráite ó shin ag an gcumann nach mbeidís ag cur moladh ar leith ag an tráth seo ag a gcuid ball faoin socrú atá idir lámha.
Tá an feidhmeannas tar éis an soiléiriú a bhí lorgtha acu ón gCúirt Oibreachais ar chuid de na sonraí i moltaí na cúirte a fháil tráthnóna agus tá an feidhmeannas le theacht chéile arís anois leis an soiléiriú sin a chíoradh.
Bhí soiléiriú ar leith uathu ar an bhfoclaíocht a bhaineann le athruithe atá molta ar leagan amach na scálaí pá do phíolótaí Aer Lingus.
Tuairiscítear chomh maith go bhfuil easaontas san bhfeidhmeannas faoi mholadh a dhéanamh do na baill faoi ghlacadh nó diúltú do na moltaí.
Deir foinsí in IALPA go mbraithfidh go leor ar na freagraí a fhaightear ón gcúirt.
Nuair a bheidh moladh aontaithe agus seolta ag an bhfeidhmeannas chuig na baill beidh sraith cruinnithe eolais ann do lucht an cheardchumainn a mhairfidh tuairim is 5 lá.
Beidh vóta leictreonach ansin ann a mhairfidh tuairim is 3 lá.
Idir an dá linn leanfaidh gníomh tionsclaíoch na bpíolótaí agus iad ag obair de réir rialach.
San 3 seachtainí ó thosaigh an gníomh tionsclaíoch tá 573 eitilt curtha ar ceal, 25 acu sin fógartha ag Aer Lingus ó ard tráthnóna.
Tá bainistíocht Aer Lingus tar éis a rá go bhfuil siad ag glacadh le moltaí na Cúirte Oibreachais; an t-ardú pá, an deireadh atá molta a chur ar scálaí pá 2022, an deireadh atá molta ar shocrú atá ann faoi uainchlár agus saoire an tsamhraidh, agus an moladh atá déanta go nglanfaí an fiachas atá ar phíolótaí leis an gcuideachta a bhain leis an socrú sin.