Tá sé fógartha ag an iar-Thánaiste Simon Coveney nach mbeidh sé san iomaíocht sa gcéad olltoghchán eile.
I bhfothoghchán i 1998 a toghadh ina Theachta Dála ar dtús é i gCorcaigh Lár-Theas nuair a bhí sé 26.
Ceapadh ina Aire Talmhaíochta é, ansin ina Aire Gnóthaí Eachtracha, agus bhí sé tamall freisin ina Aire Fiontair.

Nuair a ceapdh Simon Harris ina Thaoiseach mí an Aibreáin d'fhógair Simon Coveney go raibh sé chun seasamh siar ón Rialtas le deis a thabhairt don cheannaire úr Airí nua a roghnú.
Ba léir an t-am sin go raibh sé ag cuimhniú éirí as Dáil Éireann.

Deir sé inniu gur "pribhléid thar na bearta a bhí ann freastal ar phobal mo thoghcheantair le 26 bliain" ach go bhfuil sé in am aige slán a fhágáil leis an bpolaitíocht le tabhairt faoi dhúshláin nua.
Dúirt sé go bhfuil an-mhisneach aige as an todhchaí atá ag Fine Gael agus mhol sé an ceannaire nua as an mborradh atá curtha aige faoin bpáirtí.