skip to main content

Ionsaí ar bhuachaill curtha i leith iar-imreoir iománaíochta, Niall Gilligan, as Contae an Chláir. Tá na cúiseanna séanta aige.

Bhí Niall Gilligan - a bhfuil Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann buaite roimhe seo leis an gClár aige - i ndiaidh a bheith os comhair cúirte maidir le hionsaí a dhéanamh ar bhuachail, dhá bhliain déag d'aois.
Bhí Niall Gilligan - a bhfuil Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann buaite roimhe seo leis an gClár aige - i ndiaidh a bheith os comhair cúirte maidir le hionsaí a dhéanamh ar bhuachail, dhá bhliain déag d'aois.

Tá an t-imreoir iománaíochta de chuid fhoireann an Chláir, Niall Gilligan, tar éis a bheith os comhair na cúirte maidir le hionsaí a raibh díobháil mar thoradh air a dhéanamh ar bhuachaill óg, dhá bhliain déag d'aois.

Tá Niall Gilligan 47 bliain d’aois agus is as Droichead Abhann Ó gCearnaigh é. Bhuaigh sé Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le foireann shinsear an Chláir roimhe seo. Bhí sé os comhair Chúirt Dúiche na hInse inniu agus dhá chúis curtha ina leith maidir le hionsaí a dhéanamh ar an mbuachaill, ach tá na cúiseanna sin séanta aige.

Cuirtear i leith Niall Gilligan go ndearna sé an t-ionsaí ar an mbuachaill ag brú darb ainm dó an Jamaica Inn Hostel, atá i nDroichead Abhann Ó Cearnaigh ar 5 Deireadh Fómhair 2023.

Bhí Niall Gilligan os comhair Cúirt Dúiche na hInse ar na cúiseanna ar maidin

Cuirtear ina leith freisin gur bhain sé úsáid as maide adhmaid le linn an ionsaithe, mar arm.

Dúirt dlíodóir ar son an Uasail Gilligan go séanann sé na cúiseanna go hiomlán.

Tugadh fianaise sa gcúirt nár dhúirt sé aon ní nuair a chuir na Gardaí na cúiseanna ina leith.

Dúirt na Gardaí nach gcuirfidís i gcoinne bannaí a cheadú dó, dá dtabharfadh an tUasal Gilligan gealltanas go bhfanfadh sé ina theach cónaithe i nDroichead Abhann Ó Cearnaigh agus dá bhfanfadh sé go hiomlán amach ón mbuachaill go bhfuil na líomhaintí déanta aige.

Tá cosc ar na meáin ainm an ghasúir a fhoilsiú.

Tá cinneadh le déanamh fós an n-éistfear an cás sa gCúirt Dúiche nó sa gCúirt Chuarda.

Beidh an tUasal Gilligan os comhair na cúirte arís ar 24 Iúil.