skip to main content

Bean básaithe i ndiaidh timpiste bhóthair i bPort Láirge

Tá Bóthar an N25 ag an nGarrán Bán dúnta ag na Gardaí agus tá scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air
Tá Bóthar an N25 ag an nGarrán Bán dúnta ag na Gardaí agus tá scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air

Tá bean sna seachtóidí tar éis bás a fháil i ndiaidh timpiste bhóthair, inar bhuail gluaisteán in éadan leoraí taobh amuigh de Dhún Garbháin maidin inniu.

Tharla an timpiste ag 9.20am ar Bhóthar an N25 ag an nGarrán Bán.

Cuireadh cóir leighis ar an mbean ar an láthair ach fuair sí bás san ospidéal ní ba dhéanaí.

Tugadh tiománaí an leoraí go dtí Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge de bharr a ghortuithe ach tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

Tá an bóthar dúnta agus scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air. Tá malairt slí curtha i bhfeidhm.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine ón bpobal a chonaic an timpiste - go háirithe iad siúd a bhfuil ábhar daischeamara acu – teagmháil a dhéanamh leo ag Stáisiún na nGardaí i nDún Garbháin ar 058 48600 nó ar 1800 666 111 (líne rúnda an Gharda Síochána.

100 duine atá básaithe ar bhóithre na hÉireann go dtí seo i mbliana. Ardú 13 duine atá ann ar líon na ndaoine a fuair bás ar na bóithre faoin tráth seo i 2023.