skip to main content

€8.3bn sa bhreis le cur ar fáil chun caitheamh ar Bhuiséad 2025

€8.3bn le caitheamh ar Bhuiséad 2025
€8.3bn le caitheamh ar Bhuiséad 2025

Tá an rialtas le €8.3 billiún sa bhreis a chur fáil le Buiséad 2025 a mhaoiniú. Beidh Buiséad 2025 ar an gcáináisnéis dheireanach faoi chúram an rialtais reatha, sula mbeidh olltoghchán ann.

Caithfear €1.4bn den €8.3bn sin ar chiorruithe cánach agus caithfear €6.9bn ar chaiteachas sa bhreis.

Fágann sé sin go dtiocfaidh ardú 6.9% ar chaiteachas an rialtais i 2025, rud a sháraíonn rialacha an rialtais féin, faoinar chóir caiteachas a choimeád faoi bhun 5% i gcaitheamh bliana.

Cheadaigh an rialtas €1.5bn euro sa bhreis don tseirbhís sláinte i mbliana freisin.

An Roinn Sláinte: tá caiteachas sláinte €1.1bn thar bhuiséad cheana féin i mbliana

Deir an rialtas gur ghlac siad an cinneadh seo chun caiteachas caipitiúil a mhéadú agus chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil; seirbhísí atá de dhíth, a deir siad, i bhfianaise daonra na tíre a bheith níos airde ná mar a bhí súil leis.

Tá na sonraí clúdaithe i Ráiteas Eacnamaíochta an tSamhraidh, a cheadaigh an chomhaireacht ar maidin. Foilsíodh an ráiteas ag am lóin inniu.

An mhí seo caite, tháinig sé chun cinn go bhfuil an Roinn Sláinte €1.1bn thar bhuiséad cheana féin.

Bhí sraith cruinnithe idir an tAire Caiteachais Phoiblí, Pascal Donohue, agus an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, le seachtainí anuas féachaint le plean a bheartú chun dul i ngleic leis an róchaiteachas.