skip to main content

Ordú tugtha d'ionad cúram leanaí Giraffe dúnadh de bharr franach

Ordú tugtha d'ionad cúram leanaí an mhí seo caite dúnadh de bharr francach
Ordú tugtha d'ionad cúram leanaí an mhí seo caite dúnadh de bharr francach

Tugadh ordú d'ionad cúram leanaí i mBaile Átha Cliath 4 a ndoirse a dhúnadh an mhí seo caite de bharr "bagairt mhór" a bheith ann do shabháilteacht bhia i bhfianaise fhíniú francach sa bhfoirgneamh.

Fuarthas póiríní franach i seomra bia na leanaí in ionad cúram leanaí Giraffe ar Bhóthar Mhuirfean. Bhí na leanaí ag ithe bia nuair a fuarthas iad.

Léiríonn an tuarascáil a scríobh cigire sláinte timpeallachta ó Údarás Sabháilteachta Bia na hÉireann go bhfuarthas luchóg marbh faoi dhoirteal agus ceann eile i leithreas na leanaí.

Fuarthas póiríní franach i seomra bia na leanaí in ionad cúram leanaí Giraffe ar Bhóthar Mhuirfean.

I ráiteas a d’eisigh Giraffe, dúirt an bhainistíocht gurbh iadsan a chuir na húdaráis sláinte timpeallachta ar an eolas i dtús ama iad féin faoi fhadhb luchóg san ionad. Deir siad gur bhain an fhadhb le hobair tógála a bhí ar siúl in aice láimhe.

Dhún siad an t-ionad ar feadh cúig lá le fad is a bhí dream istigh ann chun cosc a chur ar na lotnaidí.

Cuireadh cúram leanaí eile ar fáil do na teaghlaigh a raibh sé de dhíth orthu in ionaid Griraffe eile agus osclaíodh an t-ionad ar Bhóthar Mhuirfean arís ar 17 Meitheamh.

Deir Údarás Sabháilteachta Bia na hÉireann gur tugadh seacht bhfógra forfheidhmiúcháin do ghnónna i rith mhí an Mheithimh maidir le sárú a bheith déanta acu ar an reachtaíocht a bhaineann le shabháilteacht bhia.

Cuileoga ar shicín agus pacáistiú míchuí ar bhia a ba chúis le cuid de na gearáin eile.