skip to main content

Aer Lingus: IALPA leis na moltaí a d'eisigh an Chúirt Oibreachais inné a phlé agus ina dhiaidh siad, vótálfaidh na baill orthu

Feidhmeannas Chumann na bPíolótaí, IALPA, le bualadh lena chéile inniu chun moltaí na Cúirte Oibreachais a phlé
Feidhmeannas Chumann na bPíolótaí, IALPA, le bualadh lena chéile inniu chun moltaí na Cúirte Oibreachais a phlé

Tá feidhmeannas Chumann na bPíolótaí, IALPA, ag bualadh lena chéile tráthnóna chun plé a dhéanamh ar mholadh na Cúirte Oibreachais a fógraíodh inné, faoina n-íocfaí ardú pá 17.75% le píolótaí de chuid Aer Lingus. Clúdaíonn an comhaontú an tréimhse idir 1 Eanáir 2023 agus deireadh mhí na Nollag, 2026.

Pléifidh feidhmeannas IALPA - atá mar chuid den cheardchumann, Fórsa - na moltaí, agus ina dhiaidh sin, vótálfaidh na baill orthu. Deir IALPA, áfach, nach bhfuil sé i gceist acu aon chomhairle a chur ar a mbaill maidir le cé acu ar chóir dóibh vótáil i bhfábhar mholtaí na Cúirte Oibreachais, nó ina gcoinne.

Seachas ardú pá, tá moltaí eile déanta ag an gCúirt Oibreachais freisin, lena n-áirítear ardú ar an liúntas a íocfar le píolótaí as oíche a chaitheamh thar oíche as baile agus athruithe maidir le laethanta saoire an tsamhraidh.

Ardú pá 17.75% ar phá píolótaí Aer Lingus atá molta ag an gCúirt Oibreachais

Deir Uachtarán IALPA, Mark Tighe, go mbeidh an ceardchumann i dteagmháil leis an gCúirt Oibreachais mar go gcaithfidh siad soiléiriú a fháil ar roinnt sonraí sna moltaí a eisíodh inné.

Ní chuirfear deireadh leis an ngníomh tionsclaíoch - ina bhfuil píolótaí ag obair de réir rialach – go dtí go vótálfaidh baill IALPA – i bhfábhar na moltaí.

Leanfaidh na cealuithe ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, 14 Iúil. Tá 548 eitilt in iomlán curtha ar ceal ó cuireadh tús leis an ngníomh tionsclaíoch, agus cuireadh isteach ar na mílte paisinéar. Deir Aer Lingus go bhfuil díobháil mhór déanta do cháil na haerlíne dá bharr.

Uachtarán IALPA, Mark Tighe

Rinne an Chúirt Oibreachais idirghabháil sa scéal nuair a theip ar iarrachtaí éagsúla de chuid na bainistíochta agus an cheardchumainn an t-aighneas a réiteach iad féin.

Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios inniu nach mbeadh sé cuí dá léireodh sé a thuairim phearsanta ar mholadh na Cúirte Oibreachais. Ach, a dúirt sé, tá sé ag súil go mbeidh deireadh leis an ngníomh tionsclaíoch go luath.