skip to main content

Bille le leasú chomhdhéanamh Bhord Údarás na Gaeltachta foilsithe

D'fhoilsigh an Rialtas inniu an Bille um Údarás na Gaeltachta ( Leasú) 2024, bille a fhéachfaidh le comhdhéanamh bhord Údarás na Gaeltachta a leasú.

In áit an phróiséas aimniúcháin agus ceapúcháin atá i bhfeidhm ó 2012, toghfar roinnt comhaltaí den bhord agus ceapfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Spórt an chuid eile.

Deir an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Gaeltachta Thomas Byrne go bfhuil na hathruithe seo á ndéanamh de bharr gheallúint i gclár an Rialtais a chuir athbhreithniú ar an mbord ar bun.

Tar éis teacht i bhfeidhm don reachtaíocht atá molta, ceapfar 6 agus toghfar 10 chun an bhoird:

  • 1 chomhalta as Maigh Eo
  • 2 chomhalta as Dún na nGall
  • 3 chomhalta as Gaillimh/Maigh Eo
  • 1 chomhalta as Ciarraí
  • 1 comhaltas as Corcaigh
  • 1 chomhalta as Port Láirge
  • 1 comhaltas as An Mhí

Ina theannta sin, beidh trí choiste réigiúnach ann, iad ar bhonn reachtúil ar a mbeidh comhaltaí a bheidh ainmnithe ag údaráis áitiúla.

Tá coinníoll curtha sa reachtaíocht seo go mbeidh ar aon duine ar bhord an Údaráis nó ar cheann de na coistí réigiúnacha bheith inniúil sa Ghaeilge chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích.

Alt eile suntasach sa reachtaíocht é an leasú ar an Acht um Údasás na Gaeltachta 1979 a thabarfaidh ról don Údarás i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go raibh sé ag súil leis an mBille a chur faoii bhráid na Dála Déardaoin.