skip to main content

Olltoghchán buaite go rábach ag Páirtí Lucht Oibre na Breataine

Tionónta nua ar Shráid Downing: is le hollghairdeas a gaireadh Príomh-Aire de Keir Starmer i Londain inniu
Tionónta nua ar Shráid Downing: is le hollghairdeas a gaireadh Príomh-Aire de Keir Starmer i Londain inniu

Is é ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Keir Starmer, Príomh-Aire nuathofa na Breataine tar éis don pháirtí sin an t-olltoghchán thall a bhuachan go rábach, tairngreacht ar tháinig an tuar faoi.

Bhí an Páirtí Caomhach i gcumhacht sa Bhreatain ó 2010 ach madhmadh go treascrach orthu san olltoghchán is deireanaí seo.

412 de na 650 suíochán i bParlaimint Westminster a bhuaigh an Lucht Oibre, sin 211 níos mó ná an t-olltoghchán deireanach in 2019. Ní theastaíonn ach 326 suíochán le haghaidh móraimh.

121 suíochán a bhuaigh an Páirtí Caomhach, sin 250 níos lú ná 2019 agus an líon is lú a fuair siad riamh go deimhin.

Chaill roinnt airí sinsearacha a suíocháin agus bhí an t-iarPhríomh-Aire Liz Truss í féin i measc aingil an uabhair.

Go ginearálta, deirtear gur ag íoc an chomhair atá na Caomhaigh as míshásamh an phobail faoin gcostas ard maireachtála, faoi sheirbhísí poiblí laga agus faoi scannail éagsúla. Bhí ceist na hinimirce go mór i dtreis chomh maith.

In óráid a thug sé i láthair na gcreidmheach ar maidin inniu, gheall Keir Starmer go n-athbheodh agus go n-athnuafadh a rialtas-sa náisiún na Breataine agus go gcuirfí tús leis an obair mhór lom láithreach.

Keir Starmer agus a bhean chéile Victoria

Mar sin féin, lón machnaimh dó is ea go bhfuair an Lucht Oibre níos lú vótaí an uair seo ná mar a fuair siad san olltoghchán in 2019, tráth a thug na Caomhaigh lascadh ceart dóibh.

Is mairg a chailleas agus bhí tocht ina ghlór ag ceannaire na gCaomhach, Rishi Sunak, agus é ag fógairt go raibh sé ag éirí as mar cheannaire dá dheoin féin tar éis don phobal é a chur amach as an teach aitheanta úd ar Shráid Downing. Dhá fhógra iomarcaíochta in éineacht ach a gcúiteofar an bhris go fial leis!

Ag fágáil slán: Rishi Sunak agus a bhean chéile Akshata Murty

Gan na Caomhaigh a bhac, fuair Páirtí Náisiúnta na hAlban ramhrú maith freisin. Tabhair ramhrú maith air – 39 suíochán a chaill siad agus níl fanta acu ach naoi gcinn!

Bhain Páirtí an Lucht Oibre na dosaein suíochán díobh, gach ceann de na sé shuíochán a bhí acu i nGlaschú ina measc.

Dúirt ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban John Swinney go raibh an toradh "thar a bheith crua agus dochrach".

Caithfidh go dtuigeann sé go bhfuil seolta bhád an neamhspleáchais ina stiallacha anois – go fóill ar aon chor.

Suibhneach míshuaimhneach

Os a choinne sin, caithfidh gur leithne ná mar is gnách an gáire ar cheannaire Reform UK, Nigel Farage – chomh leathan, b'fhéidir, leis an inbhear ina thoghcheantar in Essex.

Ní hamháin gur toghadh é féin den chéad uair ach toghadh ceathrar eile ó Reform UK.

Néal aogaill ar Nigel

Vótáil ceithre mhilliún duine ar son an pháirtí sin, ar dhaoine iad cuid mhór acu ar ghnách leo vótáil ar son na gCaomhach bocht.

72 suíochán a bhuaigh na Daonlathaithe Liobrálacha, sin 63 níos mó ná 2019.

Agus é ag déanamh damhsa beag ceiliúrtha, dúirt ceannaire an pháirtí sin Ed Davey gur éacht stairiúil a bhí déanta acu.

Pat McFadden

Tá an tAlbanach de bhunadh an Fháil Charraigh i nGaeltacht Dhún na nGall, Pat McFadden, ceaptha ina Sheansailéir Dhiúcacht Lancaster ag Keir Starmer.

In ainneoin an teidil sheanfhaiseanta, is é an dara post is sinsearaí sa rialtas é agus is beag baint a bheas aige le gnóthaí airgeadais Lancaster.

Aire gan cúram faoi leith a bheas in Mac Pháidín agus beidh sé ag cíoradh agus slámadh na gceisteanna móra in éineacht leis an bPríomh-Aire nua agus ag cur comhairle air dá réir.

Mar a ceapadh, ceapadh Hilary Benn mar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt.

Hilary Benn tar éis do Keir Starmer a chúram nua a bhronnadh air inniu

Is mac é an Stát-Rúnaí nua le Tony Benn, nach maireann, duine de laochra móra na heite clé i bPáirtí an Lucht Oibre, nach maireann ach ar éigean.

Níl aon leid sa mhéid sin, ámh, faoin gcur chuige a bheas ag Hilary Benn ina phost nua, arae – fearacht a chomhghleacaí aiséirithe sa rialtas úrbhunaithe Ed Miliband – is neamhaithriúil an mac é ó thaobh na polaitíochta de.

Nuashonraíodh an t-alt seo ar an 6 Iúil 2024 de ghrá na bailchríochnúlachta

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ