skip to main content

Gá le soiléiriú ó Údarás na Gaeltachta faoi dhíol Arramara, a deir iarAire Gaeltachta

Ní thug Údarás na Gaeltachta le fios ariamh cé mhéad a ghnóthaigh siad as díol Arramara le Acadian Seaplants i 2014
Ní thug Údarás na Gaeltachta le fios ariamh cé mhéad a ghnóthaigh siad as díol Arramara le Acadian Seaplants i 2014

Tá iarrtha ag iarAire Gaeltachta go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta soiléiriú ar an phróiseas trínár díoladh an comhlacht Arramara 10 mbliana ó shin agus ar choinníoll rúndachta a leagadh síos.

Bhí Arramara Teoranta i gCill Chiaráin i gCo na Gaillimhe ag próiseáil feamainne ar feadh chóir a bheith 60 bliain faoi úinéireacht ranna éagsúla Stáit sular h-aistríodh chuig Údarás na Gaeltachta é i 2006.

Shocraigh an tÚdarás an comhlacht a dhíol tamall de bhlianta níos déanaí.

Ó díoladh Arramara le Arcadian Seaplants as Ceanada i 2014, ceistíodh sna meáin, sa Dáil agus ag Coiste na gCuntas Poiblí an luach ar airgead a fuair an tÚdarás as díol an chomhlachta. De bharr chlásal rúndachta a leagadh síos sa chonradh, tuigeadh go mbeadh suas le 10 mbliana caite sula bhféadfaí a fháil amach cé mhéad go cruinn a fuair an tÚdarás as.

Anois áfach, deir Acadian Seaplants leis an Choimisinéir Faisnéise gur tréimhse éiginnte - gan aon teorainn ama - atá ar an chlásal rúndachta sin.

Pléadh díol Arramara ag cruinniú Boird an Údaráis i mí Mhárta 2014.

Léiríonn miontuairiscí an chruinnithe sin gur "treisíodh dona raibh i láthair go raibh coinníoll rúndachta sa chonradh, a mhair ar feadh thréimhse an chomhaontaithe, suas le 10 mbliana.'

Níor dúradh rud ar bith sna miontuairiscí faoi thréimhse ama gan teorainn a bheith ag baint leis an chlásal rúndachta. Cad é mar sin, mar a tharla sé go bhfuil leagan eile ar an scéal anois - 10 mbliana níos déanaí - seachas an leagan oifigiúil a cuireadh i láthair Bhord an Údaráis?

Dúirt an t-iar Aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, go bhfuil iontas air "má cuireadh eolas míchruinn faoi bhráid an Bhoird."

Bhí seisean ar dhuine dóibh siúd a d'éiligh 10 mbliana ó shin go ndéarfadh an tÚdarás glan amach cé mhéad a fuair siad as díol Arramara.

Deir an Teachta Ó Cuív nach n-aontaíonn sé le clásail rúndachta mura bhfuil cúis shoiléir leo.

"Sílim féin go bhfuileadar á n-úsáid i bhfad ró-mhinic le h-eolas a cheilt a ba cheart a bheith ar fáil don phobal. Tá muid ag caint ar mhaoin phoiblí anseo agus ba cheart go mbeadh fhios ag an bpobal cén luach a frítheadh air."

Dúirt an Teachta Ó Cuív go bhfuil ceisteanna le freagairt ag Údarás na Gaeltachta.

"Is dóigh liom gur cheart don Údarás ráiteas a dhéanamh ag soiléiriú an scéil, agus cén fáth go bhfuil drogall orthu tar éis deich mbliana a mhíniú cén tairgead a fuair siad air seo."

Dúirt Údarás na Gaeltachta cheana féin an tseachtain seo nach bhfuil rún acu trácht ar an scéal.