Rialaigh breitheamh i gcúirt san Iúr i gCo an Dúin inniu go raibh dóthain fianaise ann le iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson a chur ar a thriail faoi chionta gnéasacha, éigniú ina measc.
Chomh maith le héigniú, tá ceithre chúis a bhaineann le gníomh ró-mhígheanasach agus trí chúis déag a bhaineann le hionsaí mígheanasach curtha ina leith.
D'fhógair Jeffrey Donaldson sa chúirt inniu nach raibh dada le rá aige "ag an tráth seo".
Bhí a bhean chéile, Eleanor Donaldson, os comhair na cúirte freisin.
Tá cúig chúis maidir le cabhrú le Jeffrey Donaldson agus neartú lena chionta curtha ina leithse.
D'fhógair sí féin nach raibh dada le rá aici inniu.
Thug an bheirt chúisithe le fios chomh maith nach raibh siad ag iarraidh aon ráitis scríofa a chur faoi bhráid na cúirte inniu.
Líomhnaítear go bhfuil beirt íospartach ann agus go ndearnadh na cionta ag tráthanna éagsúla idir Eanáir 1985 agus Nollaig 2006.
Tá na líomhaintí á séanadh ag an lánúin.
Gabhadh iad ar an 28 Márta i mbliana agus cúisíodh iad sna cionta gnéasacha an oíche dar gcionn.
D'éirigh Jeffrey Donaldson as mar cheannaire an DUP a luaithe a cúisíodh é.
Beidh éisteacht chúirte eile ann ar an 10 Meán Fómhair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ