skip to main content

Róisín Shorthall, Catherine Murphy le n-éirí as an bpolaitíocht

Beidh beirt de bhunaitheoirí na Daonlathach Sóisialta mar pháirtí polaitiíochta ag éirí as an bpolaitíocht ag an gcéad olltoghchán aile.

Ceannródaithe a thug Holly Cairns, ceannaire reatha an pháirtí, ar Catherine Murphy agus ar Róisín Shortall, agus dúirt gur bhain an bheirt amach an oiread sa saol polaitíochta agus go bhfádfaidh siad oidhreacht agus páirtí lán cumais agus dóchais ina ndiaidh.

Ar fhógairt a chinneadh inniu, dúírt an bheirt go raibh sé in am ag glúin nua dul i mbun an pháirtí.

Dúirt Holly Cairns nach mbeadh sí sa pholaitíocht inniu murach an bheirt bhan seo a bhí tiomanta don tseirbhís phoiblí agus don obair pholaitíochta.

Chreid siad, a dúirt sí gur féidir saol agus sochaí níos féaráilte bheith ann agus gur prionsabail an daonlathais shóisialta a lean siad i gcónaí chuige sin.

Dúirt Catherine Murphy gur pribhléid a bhí ann bheith ag plé leis an bpolaitíocht i gcomhar le daoine a bhí ar aon fhís leí faoin todhchaí, agus gur onóir mhór di ionadaíocht a dhéanam ar phobal Chill Dara Thuaidh, pobal ar ghaibhs sí buíochas leo as a dtacaíocht thar na blianta.

Dúirt Róisín Shortall gur údar bróid di bheith in ann freastal ar phobal Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh le 32 bhliain, agus gur thug sí tús áite don fhreastal ar phobal an toghcheantair agus ar an bplé náisiúnta ar cheisteanna náisiúnta

Creideann sí go láidir sa bpolaitíocht mar chumhacht chun tairbe an phobail.

Chomh maith le bunú na nDaonlathach Sóisialta i 2015, bhí sí ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte, agus d'éirigh sí as i 2012 nuair nár aontaigh sí le cur chuige an Aire James Reilly faoin tsláinte pnríomhúil.