D'fhéadfadh sé nach nochtfaí go deo cén méid airgid a fuair Údarás na Gaeltachta as an chomhlacht feamainne Arramara Teoranta a dhíol le comhlacht as Ceanada in 2014.
Ag an am, léiríodh go leor míshástachta agus imní faoin phróiseas díolacháin, go háirithe nuair a tháinig sé chun solais gur tugadh le fios do Bhord an Údaráis nach dtabharfaí aon eolas faoin phraghas a fuarthas go ceann deich mbliana ina dhiaidh sin – an bhliain 2024.
Clásal rúndachta a cuireadh sa chomhaontú díolacháin ba chúis leis sin, a dúradh.
Cé go bhfuil na deich mbliana sin istigh anois, tá an comhlacht a cheannaigh Arramara – Acadian Seaplants – ag bagairt an dlí a chur ar Údarás na Gaeltachta má nochtfar aon eolas faoin chonradh díolacháin.
Dhiúltaigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise le déanaí achomharc a rinne Nuacht RTÉ/TG4 i dtaca le heolas faoi dhíol Arramara a nochtadh go poiblí.
Mar sin féin, ina bhreithiúnas ar an chás, dúirt Stephen Rafferty, Imscrúdaitheoir Sinsearach le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, go raibh "imní mhór" air faoina fhóirsteanaí a bhí sé ag comhlacht ar nós Údarás na Gaeltachta, a thagann faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise, comhaontú fairsing rúndachta mar é a dhéanamh le comhlacht príobháideach.
Is é an toradh a bhíonn ar a leithéid de chomhaontú dóigh thart a fháil ar riachtanais an Achta, dar leis.
Mar chuid den achomharc a rinne Nuacht RTÉ/TG4, fuair Oifig an Choimisinéara Faisnéise aighneacht ó Acadian Seaplants agus ó Údarás na Gaeltachta.
D'áitigh an tÚdarás ar an Choimisinéir Faisnéise gur sárú ar dhualgas na rúndachta a bheadh ann dá nochtfaí an comhaontú díolacháin dúinn.
Ina n-aighneacht siúd, mhaígh Acadian nach raibh aon eolas acusan ar "aon fhoráil sa chomhaontú faoina scaoilfí aon fhaisnéis" tar éis deich mbliana. Go deimhin, thug Acadian le fios gur mheas siad go mairfeadh an clásal rúndachta go ceann "achar éiginnte".
Ina dhiadh sin féin, tá sé ráite go neamhbhalbh sna miontuairiscí ar chruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar an 28 Márta 2014 gur "[t]reisíodh don chruinniú go raibh clásal rúndachta sa chomhaontú a mhair ar feadh tréimhse an chomhaontaithe suas go dtí deich mbliana."
Má tá an ceart ag Acadian nach bhfuil aon tagairt do chlásal rúndachta deich mbliana sa chomhaontú cén fáth ar insíodh a mhalairt don Bhord?
 Lena chois sin, mhaígh Acadian Seaplants go gcuirfeadh siad an dlí ar an Údarás dá nochtfaí aon eolas faoin chonradh díolacháin do Nuacht RTÉ/TG4. Ní bheadh mar rogha acu "ach bearta a dhéanamh lena [gcuid] cearta a chosaint in aghaidh Údarás na Gaeltachta as sárú ar an gcomhaontú", a dúirt siad le hOifig an Choimisinéara Faisnéise.
Bunaíodh an comhlacht próiseála feamainne Arramara i 1947 agus cruthaíodh fostaíocht lánaimseartha thábhachtach sna monarchana a bhí ag an chomhlacht in dhá cheantar Gaeltachta – Cill Chiaráin i gConamara agus an Clochán Liath i gCo Dhún na nGall.
Tháinig deireadh leis an éileamh mór a bhí ar fheamainn in Albain agus dhún an mhonarcha i nDún na nGall. Ghlac Udarás na Gaeltachta úinéireacht ar Arramara in 2006.
Ag éisteacht den Choiste um Chuntais Phoiblí ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, dúirt Jim Keogh, a bhí ag obair leis an Údarás agus atá anois fostaithe mar Stiúrthóir Eorpach Arramara, dúirt sé gur comhlacht gan mhaith – "basket case" ina chuid focal féin – a bhí in Arramara ag an am a ghlac an tÚdarás seilbh air.
Léiríonn na miontuairiscí ar chruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mí Iúil 2013, an bhliain sular díoladh Arramara, gur cuireadh in iúl don Bhord go raibh litir faighte ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Phríomhfheidhmeannach Fhiontraíocht Éireann ina ndúradh go raibh imní air faoin díolachán.
B’éigean do chomhaltaí Bhord an Údaráis na cáipéisí a tugadh dóibh sa chruinniú sin i dtaca le díol Arramara a thabhairt ar ais roimh dheireadh an chruinnithe.
 Chuir Nuacht RTÉ/TG4 roinnt ceisteanna ar Údarás na Gaeltachta agus ar Arrramara faoi dhíol an chomhlachta.
I measc na gceisteanna sin, d'fhiafraigh muid cén fáth a mbeadh an praghas a fuair comhlacht Stáit as sóchmhainn a dhíol fós íogair ó thaobh na tráchtála de deich mbliana níos déanaí.
I ráiteas a fuair muid ón Údarás tráthnóna inniu, dúradh go raibh "cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Faisnéise i leith na ceiste seo agus gur ábhar íogair tráchtála atá i gceist".
Dúradh sa ráiteas fosta go bhfuil teacht ar Thuarascálacha Bliantúla Údarás na Gaeltachta ar shuíomh idirlín na heagraíochta agus go "[g][c]uimsíonn na tuarascálacha sin trádáil ábharach agus bainistiú sócmhainní na heagraíochta ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta a bhíonn i gceist".
"Toisc go bhfuil cinneadh soiléir déanta i leith na ceiste seo ag an gCoimisinéir Faisnéise, ní bheidh aon duine ar fáil chun labhairt thar ceann an Údaráis faoin ábhar seo", a dúradh.
I ráiteas a fuair muid ó Jim Keogh tráthnóna inniu, dúirt sé gur chreid sé féin gur "clásal rúndachta éiginnte" a bhí ann agus nárbh fhíor go dtiocfaí deireadh leis tar éis deich mbliana.
"Chuir Acadian mar pháirtí le suim sa scéal a thuairim ar aghaidh [chuig an gCoimisinéir Faisnéise] go raibh go leor cúiseanna nár chóir cóip den chomhaontú a scaoileadh", arsa sé.