skip to main content

Díolúine ó ionchúiseamh ag Trump in aon bheart oifigiúil - SCOTUS

Tá díolúine áirithe ó ionchúiseamh ag an iar-uachtarán Donald Trump de réir chinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, a eisíodh inniu, an lá deireanach den téarma dlí reatha.

Deir an cinneadh go bhfuil díolúine iomlán ag uachtarán in aon bheart oifigiúil ach nach bhfuil aon díolúine aige in aon bheart neamhoifigiúíl nó príobháideach. Fuair an cinneadh tacaíocht ó 6 den 9 mbreitheamh ar an gcúirt is airde sna Stáit Aontaithe, ina measc an triúr a ceapadh i rith théarma uachtarántachta Trump féin.

Ina theannta sin, rialaigh an Chúirt Uachtarach go gcaithfeadh cúirteanna níos ísle a oibriú amach cé mar a chuirfí an cinneadh seo i bfheidhm.

De bharr an choinníoll is deireanaí seo, tá sé ionann is cinnte anois nach gcuifear an t-iar-uachtarán ar a thriail arís roimh toghchán na huachtarántachta an 5 Samhain seo chugainn.

Tá trí chás roimh an Uachtarán ach tá éirithe leis moill a chur ar gach ceann acu tríd bhearta éagúla dlí i ngach cás.

Bhí súíl go gcuirfí Donald Trump ar a thriail faoi ionsaí a rinneadh ar Theach na Comhdhála an 6 Eanáir 2021, an lá a bhí torthaí an toghcháin uachtaránachta le fógairt go hoifigúíl.

Mheall Trump na sluaite go Washington an lá sin agus ghríosaigh iad le dul chuig Teach na Comhdhála, nuair a réab siad isteach sa Capitol agus ghlac seilbh ar an bhfoirgneamh ar feadh roinnt uaireanta a chloig. B'éigean do lucht na Comhdhála, an leas-uachtarán Pence agus oifigigh eile teitheadh ón drong.

Tá sé séanta ag Trump gur ghríosaigh sé an slua, ach tá sé fós ag maíomh gur sciobadh an bua uaidh, cé nach bhfuil aon fhianaise ann gur tharla a leithéid.

Tá cúisimh eile curtha ina leith faoi chur as don chóras vótála i Stát Georgia, agus cúisimh i bhFlorida faoi cháipéisí rúnda Stáit a thabhairt leis abhaile ón Teach Bán tar éis a thréimhse uachtarántachta.

An mhí seo caite, fuarthas Donald Trump ciontach i gcúirt i Nua Eabhach in 34 cúiseamh a bhain le taifead bréagach a chur ina chuntais le híocaíochta rúnda chuig an aisteoir fornagafaíochta Stormy Daniels a chur i bhfolach, ar mhaithe lena fheachtas polaitiúil i 2016.

Gearrfar pianbhreith air ina leith seo an 11 Iúíl.

Bua mór don daonlathas a thug Donald Trump ar an gcinneadh inniu.

Ach dúirt feachtas atofa Joe Biden gur léirigh an cinneadh go gceapann Trump go bhfuil sé os cionn an dlí agus go ndéanfaidh sé aon ní chun an chumacht a fháíl agus a choinneáil.

Is é Donald Trump an chéad iar-uachtarán riamh ar na Stáit Aontaithe a cúisíodh i gcoir agus a ciontaíodh i gcoir.