Tá slua ag bailiú sa Daingean i gCo. Chiarraí le comhbhrón a dhéanamh le muintir Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an craoltóir spóirt aiteanta a bhásaigh Dé Máirt seo caite.
Tá a chorp os cionn cláir ag teach tórraimh Uí Chonchúir ar an mbaile óna 11:00 inniu áit a mbeidh fáilte roimh an bpobal as sin go dtína 8 a chlog anocht.
Tá súil leis an Taoiseach sa Daingean níos deireanaí san iarnóin.
I measc an tslua a tháínig bhí iar-uachtarán an CLG Larry McCarthy, iarbhainisteoir peile Chiarraí Eamonn Fitzmaurice, bainisteoir peile Chill Dara Gleen Ryan, Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst agus an craoltóir Marty Morrissey.
Rinne a bhean Helena agus a chlann an turas in éineacht leis an eileatram ina raibh corp an Mhuircheartaigh, óna theach i gCill Choca i gCo. na Mí go dtína bhaile dúchais aréir.
Sheas roinnt mhaith daoine le taobh an bhóthair i rith an turais, cuid acu ag crochadh comharthí ómóis agus bratacha CLG Chiarraí.
Tháinig an t-eileatram chun stad ar feadh cúpla nóiméad ar theorainn Chiarraí.
Bhí slua ar dhá taobh na sráide i gCathair Uí Mhóráin, Abhainn an Scáil agus Líos Póil sular bhain sé An Daingean amach.
Cuirfear Micheál Ó Muircheartaigh i mBaile an Mhuilinn tar éis aifreann i Séipéal Mhuire sa Daingean.