skip to main content

An tráchtaire cáiliúil CLG Mícheál Ó Muircheartaigh tar éis bháis

Tá an craoltóir cáiliúil Mícheál Ó Muircheartaigh tar éis bháis. Bhí sé 93 bliain d'aois.

Beidh cuimhne ar Mhícheál as a ghlór sainiúil agus as a chur i láthair údarásach mar thráchtaire ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar an raidió agus ar an teilifís.

I nDún Séann i bparóiste Dhaingean Uí Chúis i gCo Chiarraí sa bhliain 1930 a saolaíodh Mícheál Ó Muircheartaigh.

Cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile agus bhí sé ag obair sa cheird sin nó go ndeachaigh sé ag obair go lánaimseartha in RTÉ i lár na 1980í. In 2010 a chuaigh sé amach ar pinsean.

I bhfad roimhe sin, Lá Fhéile Pádraig 1949, a rinne sé a chéad tráchtaireacht raidió ar chluiche Gaelach, Craobh an Bhóthair Iarainn.

Mícheál Ó Muircheartaigh i mbun a cheirde

Is beag Domhnach ina dhiaidh sin, go háirithe le linn Chraobh na hÉireann, nach mbíodh glór Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh le clos ar an raidió náisiúnta.

Bhí sé tógtha le gach uile ghné de chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. Ba ghnách leis a bheith go síoraí ag bailiú eolais faoi imreoirí a chraoladh sé ní ba dheireanaí mar dhála an scéil ach ar bhealach tráthúil.

Is iomaí gradam a bhain sé amach i gcaitheamh a shaoil – Gradam Jacob's i 1992 agus Pearsa na Bliana i 1997 ina measc.

Scríbhneoir ab ea Mícheál chomh maith. Gan trácht ar a dhírbheatháisnéis agus leabhair eile, ba mhinic peann á chur le pár aige freisin i nuachtáin éagsúla.

Bhí baint dhíreach aige leis an bpeil sa mhéid gur thraenáil sé ar feadh tréimhsí roinnt de pheileadóirí Chiarraí i mBaile Átha Cliath.

Mícheál Ó Muircheartaigh i bPáirc an Chrócaigh

Bhí an-suim ag Mícheál freisin sa tseoltóireacht, sa ghalf, i rásaí capall agus i rásaí na gcon.

Ba mhór a ghrá don Ghaeilge agus rinne sé obair mhór ar son na teanga nuair a bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. Thaithíodh sé Oireachtas na Samhna leis.

61 bliain a chaith Mícheál Ó Muicheartaigh i mbun na craoltóireachta. Leag sé uaidh an micreafón den uair dheiridh tar éis dó tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann idir Corcaigh agus an Dún in 2010.

Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath ar maidin inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ