skip to main content

Assange scaoilte saor ó phríosún, margadh déanta le Meiriceá

Julian Assange ag caint le hiriseoirí i Londain ar maidin inniu
Julian Assange ag caint le hiriseoirí i Londain ar maidin inniu

Tá bunaitheoir WikiLeaks Julian Assange scaoilte saor ó phríosún i Londain tar éis dó margadh a dhéanamh le Rialtas na Stát Aontaithe a bhí ag iarraidh an dlí a chur air faoi spiaireacht.

De réir an mhargaidh, pléadálfaidh sé ciontach i spiaireacht agus beidh cead aige filleadh ar an Astráil, a thír dhúchais.

Amárach i gcúirt in Saipan in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin a éistfear an cás agus a dhaingneofar an margadh.

Príomhoileán na nOileán Máirianach Thuaidh is ea Saipan agus is leis na Stáit Aontaithe na hoileáin sin.

Roimhe seo, bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh go n-eiseachadfaí Julian Assange chun na Stát Aontaithe.

Bhí sé á choinneáil i bPríosún Belmarsh i Londain le cúig bliana agus blogh de bhliain, ámh, fad is a bhí an t-iarratas sin á phróiseáil.

De réir an mhargaidh, gearrfaidh an chúirt in Saipan téarma príosúin 62 mí ar Julian Assange, an méid céanna ama a chaith sé in Belmarsh.

Julian Assange ag aerfort i Londain ar maidin inniu

Dúirt bean chéile Julian Assange, Stella, go raibh áthas an domhain uirthi faoin scéal.

Beidh sé saor a luaithe a chuirfeas an breitheamh in Saipan a ainm leis an margadh amárach, a dúirt sí.

Is ag 8 a chlog ar maidin amárach a éistfear an cás, sin 11 a chlog anocht am na hÉireann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ