skip to main content

Jack Chambers ceaptha ina Aire Airgeadais in áit Michael McGrath

Jack Chambers
Jack Chambers

Tá an Teachta Dála Jack Chambers ó Fhianna Fáil ceaptha ag an Rialtas mar Aire Airgeadais in áit Michael McGrath atá ainmnithe ina Choimisinéir Eorpach thar ceann na hÉireann.

Tá Jack Chambers 33 bliain d'aois agus bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Iompair go dtí inniu.

Roimhe sin, bhí sé ina Phríomh-Aoire ag an Rialtas agus ina Aire Stáit Gaeltachta, tráth a chuir sé go mór lena chuid Gaeilge.

An tseachtain seo caite, ceapadh é mar leascheannaire Fhianna Fáil.

Mar le Michael McGrath, tiocfaidh sé in áit Mhairéad McGuinness mar Choimisinéir Eorpach a mbeidh a seal istigh i mí na Samhna.

Michael McGrath

Seirbhísí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais agus margaí caipitil an Aontais Eorpaigh a mhaoirsiú, sin an cúram atá ar Mhairéad McGuinness faoi láthair ach ní hin le rá go dtabharfar an post céanna do Michael McGrath, ná post cosúil leis.

Thug an Taoisaech Simon Harris le tuiscint go gcaithfeadh an Rialtas stocaireacht láidir a dhéanamh chun a chinntiú go bhfaigheadh Michael McGrath ceann de na poist eacnamaíochta sa Choimisiún.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ