Tá an t-údar aitheanta Gaeilge as Co Dhún na nGall, Pádraig Ó Baoighill, ar shlí na fírinne. Beathaisnéisí, iriseoir, staraí, gearrscéalaí agus scríbhneoir scripteanna raidió a bhí ann.
Thart ar 25 leabhar a scríobh sé i gcaitheamh a shaoil, gan trácht ar an iliomad colún iriseoireachta.
Diomaite den scríbhneoireacht, ba le Gael-Linn a chaith sé bunús a shaol oibre.
I Rann na Feirste a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó Baoighill – Padaí Tharlaigh Phadaí – ach chaith sé cuid mhaith dá shaol ina dhiaidh sin idir Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Muineachán.
Ba le linn dó a bheith ag obair le Gael Linn idir 1953-1954 a thosaigh sé ag scríobh do Comhar. Thart ar an am céanna, agus é ag imirt peile d'fhoireann Ciceam i mBaile Átha Cliath, chuaigh sé ag scríobh do na hirisí Gaelic Weekly, Gaelic Sport agus Hogan Stand.
Ina dhiaidh sin, agus é ag obair do Ghael Linn i gCúige Uladh idir 1954-1970, chuir sé ailt Ghaeilge ar fáil ar feadh seacht mbliana do nuachtán an Irish News agus bhíodh sé ag scríobh go rialta don iris An tUltach chomh maith.
Nuair a d'éirigh Pádraig as a phost mar Bhainisteoir Margaíochta le Gael Linn i 1992, chrom sé ar an scríbhneoireacht lánaimseartha agus foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta An Coileach Troda (Coiscéim) an bhliain dar gcionn.
I measc na leabhar a scríobh sé ina dhiaidh sin, tá Nally as Maigh Eo (Coiscéim, 1998), beathaisnéis an Fhínín cháiliúil as Balla, Co Mhaigh Eo, a raibh dlúthbhaint aige le bunú Chumann Lúthchleas Gael agus a bhfuil an t-ardán i bPáirc an Chrócaigh ainmnithe as.
Thug sé faoi mhórán taighde in Albain ar Robbie Burns agus foilsíodh an leabhar toirteach File Náisiúnta na hAlban – Rabbie Burns: An Nasc le hÉirinn (Coiscéim) in 2015.
Chíor sé saol na Gaeltachta sa leabhar Ó Ghleann go Fánaid (Coiscéim, 2000 agus 2008) agus rinne sé an clár Dúchas maidir le cainteoirí Gaeilge i gceantair bhreac-Ghaeltachta faoi choinne RTÉ Raidió na Gaeltachta (2000 agus 2018).
Ba é An Capall Dubh agus Scéalta Eile (Coiscéim, 2018) an saothar cruthaitheach ba dhéanaí ó pheann Phádraig.
In 2005, bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht oinigh air as a chuid oibre ar son na Gaeilge mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí.
I mí Lúnasa anuraidh a seoladh an saothar deireanach dá chuid ar a bhaile dhúchais i Rann na Feirste – fiontar ar thug sé faoi i gcomhar le Mícheál Ó Domhnaill ar bheatha dhuine de sheanchaithe móra an cheantair sin, Niall Mhícheáil Ó Dubhthaigh.
Baintreach fir ab ea Pádraig Ó Baoighill. Maireann seisear dá sheachtar clainne agus clann a chlainne.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ