skip to main content

74 Úcránach ag iarraidh cead fanacht sa tSionainn

Teach Phoenix, sa tSionainn i gCo. an Chláir, áit a bhfuil 74 duine as an Úcráin ag cur futhú.
Teach Phoenix, sa tSionainn i gCo. an Chláir, áit a bhfuil 74 duine as an Úcráin ag cur futhú.

Tá 74 teifeach as an Úcráin i mbaile na Sionainne ag impí ar ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige gan iad a athlonnú go Lios Dúin Bhearna.

Tá na teifigh lonnaithe i mbaile na Sionainne le nach mór dhá bhliain ach fuair siad litir ón Roinn ag rá go go mbeifear á n-aistriú Dé Luain seo chughainn ar a 12 a chlog.

Deir na teifigh go bhfuil seachtar déag leanaí sa ghrúpa atá ag cur futhú i Phoenix House agus go bhfuil siad socraithe síos sna scoileanna áitúla.

Deir siad chomh maith go bhfuil obair faighte ag 27 duine den ghrúpa sa cheantar áitiúil agus go gcaillfidh siad na postanna sin má chaitheann siad bogadh ón tSionainn.

Deir siad go bhfuil Lios Dún Bhéarna 60 ciliméadar ón tSionainn agus nach bhful sé indéanta na leanaí a choiméad sna scoileanna go bhfuil siad ná taisteal chuig a n-áit oibre.

Dúirt Tatyana Jaleel ar ó chathair Kharkiv san Úcráin di, go bhfuil an grúpa ana shuaite agus corraithe ag an litir atá faighte acu. Dúirt sí go bhfuil iarrachtaí déanta acu lóistín neamhspléach a fháil sa tSionainn ach nach bhfuil a leithéid ann.

Dúirt sí go dteastaíonn uatha go bhfágfaí iad mar atá siad.

Tá Grúpa Tacaíochta Teifigh na hÚcráine sa tSionainn ag tacú leis na hÚcránaigh.

Dúirt Siobhán Boyd ón ngrúpa nach bhfuil aon chiall an grúpa a aistriú amach as an áit. Dúirt sí go bhfuil leath den ngrúpa ag obair agus má aistrítear iad nach mbeidh na deiseanna fostaíochta céanna i mbaile Lios Dúin Bhéarna, rud a fhágfaidh an grúpa ag brath arís ar thacaíocht stáit.

I ráiteas a chuir siad ar fáil, dúirt an Roinn Lánpháirtíochta go dtuigeann siad an strus a chothóidh an t-athrú seo.

Deir siad gur ar bhonn sealadach atá an lóistín á chur ar fáil. Deir an Roinn chomh maith go bhfuil spreagadh á thabhairt dóibh sin ón Ucráin ar mian leo fanacht sa tír seo go fad-téarmach a socruithe féin a dhéanamh maidir le lóistín agus go gcuirfidh an Roinn tacaíocht ar fáil dóibh má tá siad ina theideal san.